Tá fógartha inniu ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne go bhfuil an Scéim Céad Tí sínte ag an rialtas go dtí mí Mheithimh 2027, agus go bhfuil €30 milliún breise curtha ar fáil don Scéim.
Is scéim cothromais roinnte í an Scéim Céad Tí, a seoladh i mí Iúil 2022, a dearadh chun cabhrú le ceannaitheoirí incháilithe céad uaire, ceannaitheoirí incháilithe, agus féintógálaithe, an bhearna a líonadh idir a n-éarlais agus a morgáiste, agus praghas a dtí nua, laistigh de theorainneacha praghais a bunaíodh ar fud na tíre.
Mhéadaigh úsáid na scéime i measc ceannaitheoirí céad uaire go suntasach in R1 2025 mar a léirítear i líon na n-iarratas nua ar an scéim (858, suas 49% ar R4 2024) agus formheasanna (727, suas 51% ar R4 2024). San iomlán, tá suim léirithe sa Scéim ag breis is 15,300 duine agus formheasadh 6,700 ceannaitheoirí ó seoladh an Scéim.
Is éard a dúirt an tAire Tithíochta James Browne:
Is mian liom go mbeidh gach duine in ann a dteach féin a cheannach. Is rud é seo ba chóir a bheith inrochtana do dhaoine, agus is ceann de na bealaí é an scéim seo a bhfuilimid á dhéanamh sin indéanta. Do go leor daoine óga, agus daoine de gach aois, bhí an scéim seo riachtanach chun an bhearna a líonadh do dhaoine idir an morgáiste atá ar fáil, a n-éarlais, agus praghas an tí. Bhí an tionscnamh ina phríomhthacaíocht do Cheannaitheoirí Céad Uaire, le breis is 6,700 iarratasóir formheasta le haghaidh maoiniú ó seoladh é, tríd an Scéim, táthar ag freagairt do riachtanais tithíochta inacmhainne i ngach contae ar fud na tíre go dtí seo, agus tá deis faighte ag an oiread sin daoine eochracha a mbuan-tí a fháil tríthi.
Leis an maoiniú breise atá á chur ar fáil agam, cumasófar tuilleadh daoine doras a dtí nua a oscailt – lena dtabharfaí cinnteacht do dhaoine atá ag iarraidh teach a cheannach agus don earnáil tithíochta araon. Leis an maoiniú nua don Scéim, beifear in ann í a fheidhmiú go dtí mí Mheithimh 2027 ar a laghad toisc go mbeidh acmhainní leordhóthanacha aici.
Tá an Scéim Céad Tí ar fáil do cheannaitheoirí céad uaire, nó dóibh siúd atá ag tosú as an nua, a bhfuil formheas morgáiste acu le hiasachtóir rannpháirteach.
Leis an maoiniú breise €30 milliún a fógraíodh inniu, tabharfar gealltanas airgeadais iomlán an Stáit don Scéim go dtí €370 milliún. Meaitseálfar é seo 50:50 leis na bainc rannpháirteacha, agus tabharfar an gealltanas iomlán don scéim go dtí €740 milliún.






