Tá an tAire Oideachais Helen McEntee tar éis trí chlár nua a fhógairt inniu lena méadófar líon na múinteoirí cáilithe i scoileanna iar-bhunscoile.
Cuirfidh Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Ollscoil Luimnigh cláir nua dhá bhliain ar fáil in Eolaíocht Ríomhaireachta, Fraincis agus Staidéar Polaitíochta & Sochaí faoi seach. Beidh na cláir seo mar bhreis ar na cláir atá ann cheana i Spáinnis, matamaitic agus fisic agus clár nua Gaeilge a thosaigh i mí Eanáir na bliana seo.
Beidh na cláir nua seo, a thosóidh i mí Mheán Fómhair, solúbtha agus nuálach, cuirfear ar fáil iad ar bhealach lena gcumasófar rannpháirtíocht leathan, ag freastal ar mhúinteoirí i róil lánaimseartha agus páirtaimseartha, chomh maith leosan atá lonnaithe ar fud na tíre.
Is éard a dúirt an tAire McEntee:
Tá áthas orm na trí chlár uas-scilithe nua seo a fhógairt. Tá sé ríthábhachtach tuilleadh deiseanna uas-scilithe a chur ar fáil do mhúinteoirí chun tacú le múinteoirí, ach freisin chun cabhrú le dul i ngleic le soláthar múinteoirí.
Tá na cúrsaí seo saor in aisce agus cabhrófar le Múinteoirí uas-sciliú a dhéanamh ar bhealach solúbtha, ag méadú a ndeiseanna fostaíochta féin agus ag dul i ngleic le dúshláin earcaíochta i ngach ceann de na hábhair seo.
Tar éis céimniú ó na cláir seo, beidh múinteoirí in ann clárú chun Eolaíocht Ríomhaireachta, Fraincis, agus Staidéar Polaitíochta agus Sochaí a mhúineadh ag an leibhéal is airde i scoileanna iar-bhunscoile.
Tá na cúrsaí seo oscailte d’aon mhúinteoir iar-bhunscoile cláraithe, is cuma an bhfuil siad ag obair nó nach bhfuil. Mholfainn go láidir d’aon mhúinteoir iar-bhunscoile cláraithe féachaint ar na cláir seo.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach Institiúid Ardoideachais agus comhghairdeas a dhéanamh leo as na cláir seo a thabhairt isteach chun cabhrú le soláthar múinteoirí iar-bhunscoile a fheabhsú sna hábhair seo.
Táim ag súil leis na cláir uas-scilithe nua seo a fheiceáil ag feidhmiú in éineacht leis na cláir reatha sa mhatamaitic, fisic, Spáinnis agus Gaeilge atá déanta ag breis is 980 múinteoir san iomlán go dtí seo.
Is ceann de roinnt beart iad na cláir uas-scilithe seo atá á ndéanamh agam chun tacú le múinteoirí agus chun a chinntiú go bhfuil taithí dhearfach ag gach páiste ar scoil.






