I mí Dheireadh Fómhair na bliana seo, beidh Oifig Fiontair Áitiúil Loch Garman ag
baint cloch mhíle speisialta amach agus muid ag ceiliúradh 20 Bliain de Lá Náisiúnta
Fiontraíochta na mBan.
Ag an imeacht, a bheidh ar siúl Déardaoin, an 15 Deireadh Fómhair 2026 in Óstán
álainn Amber Springs i nGuaire, tabharfar le chéile mná ón uile chearn de Loch
Garman agus den Oirdheisceart le haghaidh maidin lán den inspioráid, den
fhoghlaim phraiticiúil, den líonrú agus den fhás gnó.
Tá forbairt tagtha ar Lá Náisiúnta Fiontraíochta na mBan agus é anois ar an imeacht
is mó d’fhiontraíocht na mban, agus le fiche bliain anuas tá sé ag tacú leis na mílte
bean chun gnólachtaí rathúla a thosú, a fhás agus a uas-scálú. Anseo i Loch
Garman, bhí sé de phribhléid againn a bheith ag obair le sárfhiontraithe mná ar fud
gach aon earnála, amhail earnáil an bhia, na déantúsaíochta, na teicneolaíochta, na
turasóireachta, an miondíola agus na seirbhísí gairmiúla.
Baineann téama na bliana seo le bheith ag féachaint chuige go seasfaidh na
fiontraithe an aimsir, go pearsanta agus go gairmiúil araon. Tá ríméad orainn fáilte a
chur roimh Kel Galavan, nó Mrs Smart Money mar is fearr aithne uirthi, mar
phríomhchainteoir an imeachta. Is comhairleoir airgeadais cáilithe í Kel, údar
sárdhíola agus duine de phríomhshaineolaí na hÉireann ar an bhfolláine airgeadais.
Ina seisiúin, Féach Chuige go Seasfaidh d’Airgead an Aimsir, díreofar ar mhuinín
airgeadais a fhorbairt, slándáil airgeadais fadtéarmach a chruthú agus cinntí eolacha
a dhéanamh lena dtacófar le do spriocanna gnó agus pearsanta araon.
Beidh an straitéisí gnó Aisling Hurley inár dteannta freisin, a chuirfidh ceardlann
idirghníomhach i láthair dar teideal Féach Chuige go Seasfaidh do Ghnó an Aimsir.
Beidh an seisiún praiticiúil seo ina chúnamh don lucht freastail an méid atá sainiúil
faoina ngnó a shainaithint, deiseanna fáis a fhiosrú, tuiscint a chur ar mar is féidir
leis an intleacht shaorga tacú lena ngnó agus plean praiticiúil 30, 60 agus 90 lá a
fhorbairt ar féidir leo a chur i bhfeidhm láithreach.
Cuirfear tús leis an imeacht ag a 9 a chlog leis an gclárú, líonrú agus bricfeasta
éadrom, agus leanfar sin le maidin de léargas praiticiúil agus plé tarraingteach.
Beidh neart deiseanna ann chun ceangal a dhéanamh le húinéirí eile gnó agus le
gairmithe, agus cuirfear críoch leis an imeacht le lón líonraithe ag a 1 a chlog.
Tá costas €30 ar thicéid, agus meastar go líonfar na háiteanna go tapa.
Chun d’áit a chur in áirithe, téigh go localenterprise.ie/wexford







