Feachtas ‘Bí Ullamh d’Éigeandáil’ seolta

Feachtas Seolta ag an Aire McEntee chun Cabhrú le Teaghlaigh Ullmhú do Chásanna Éigeandála

Dé hAoine, an 28 Lúnasa, sheol an tAire Cosanta, Helen McEntee TD, an feachtas náisiúnta Bí Ullamh d’Éigeandáil, ina spreagtar teaghlaigh ar fud na hÉireann le bearta simplí a dhéanamh le hullmhú do chásanna éigeandála agus cur isteach.

Bí Ullamh d’Éigeandáil

Ag labhairt di ag saoráid nua-athchóirithe de chuid Chosaint Shibhialta na Mí san Uaimh, dúirt an tAire McEntee gurb éard atá i gceist leis an ullmhacht ná daoine a chumhachtú le faisnéis phraiticiúil agus cabhrú le pobail a bheith níos athléimní.
Mar chuid den fheachtas, gheobhaidh gach teaghlach in Éirinn leabhrán ullmhachta éigeandála ar leith sa phost thart ar dheireadh mhí Mheán Fómhair. Tá an feachtas seo ag teacht tráth a bhfuil fócas méadaithe ar fud na hEorpa ar theaghlaigh a ullmhú do chásanna éigeandála.
Beidh earnáil an rialtais áitiúil ag tacú le Bí Ullamh d’Éigeandáil chomh maith.

Bhí an méid seo le rá ag an Aire McEntee ag an seoladh:

“Ar fud na hÉireann, bhí stoirmeacha, tuilte, bristeacha cumhachta agus cásanna éigeandála eile ann le blianta beaga anuas a chuir i gcuimhne dúinn a thábhachtaí atá sé a bheith ullamh. Is aidhm leis an bhfeachtas Bí Ullamh d’Éigeandáil cabhrú le daoine agus le teaghlaigh bearta simplí a dhéanamh san am i láthair d’fhonn is go mbeidh siad ullmhaithe má bhíonn cur isteach ar an saol san am atá le teacht.

“Molaim do gach duine am a chur i leataobh chun an leabhrán a léamh nuair a thiocfaidh sé, dul tríd an seicliosta, an chuid le haghaidh faisnéis thábhachtach a chomhlánú agus é a choinneáil áit éigin ar féidir teacht air go héasca. Is beag an t-ullmhúchán nach mbeidh ina chuidiú suntasach in am an ghátair.”

Agus é ag cur fáilte roimh fhoilsiú an leabhráin ullmhachta, dúirt Kieran Kehoe, Cathaoirleach Choiste Chumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach um Pleanáil Chorparáideach agus Éigeandála agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae na Mí:

“Is minic gurb iad baill foirne de chuid údarás áitiúil na chéad daoine ar an láthair i gcás éigeandála, agus feicimid lenár súile féin an chaoi ar féidir lena leithéid de chásanna cur isteach ar dhaoine. Tá faisnéis chiallmhar sa leabhrán seo a chabhróidh le daoine ullmhú d’éigeandáil agus freagairt di.

“Tá muid sásta tacú leis an bhfeachtas agus cuirfimid an leabhrán ar fáil i bhfoirgnimh údaráis áitiúil, i leabharlanna agus tríd an Líonra Rannpháirtíochta Poiblí freisin.”

Kieran Kehoe, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae na Mí

Cuirtear faisnéis phraiticiúil atá éasca le tuiscint ar fáil in Bí Ullamh d’Éigeandáil d’fhonn cabhrú le daoine ullmhú do chásanna éigeandála agus cur isteach, agus a bheith níos athléimní ina leithéid de chásanna.

Mar fhocal scoir, mhol an tAire do theaghlaigh súil a chaitheamh ar an seicliosta atá sa leabhrán, an chuid le haghaidh faisnéis thábhachtach a chomhlánú, an doiciméad a choinneáil in áit sa teach ar féidir teacht air go héasca agus athbhreithniú a dhéanamh air go rialta.

Tá an leabhrán Bí Ullamh d’Éigeandáil ar fáil anois ag www.gov.ie/BeEmergencyReady. Tá acmhainní in-íoslódáilte agus inphriontáilte ón leabhrán ar an suíomh gréasáin freisin, lena n-áirítear an seicliosta ullmhachta agus leathanaigh faisnéise éigeandála thábhachtacha.

Scroll to Top