Fáilte Curtha ag an Aire Dlí agus Cirt Jim O’Callaghan roimh Sheoladh Comórtais chun Coimisinéir nua Garda a Cheapadh

Chuir an tAire Dlí agus Cirt Jim O’Callaghan fáilte inniu roimh sheoladh comórtais chun Coimisinéir nua Garda a cheapadh.

Tá treoir tugtha ag an Aire O’Callaghan do Phoist Phoiblí (an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí) comórtas oscailte a reáchtáil chun iarrthóir oiriúnach a aimsiú lena cheapadh mar Choimisinéir Garda. Is é an 29 Bealtaine 2025 an spriocdháta d’iarratais.

Déantar an próiseas earcaíochta seo faoi Alt 26 den Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024.

Leag an tAire O’Callaghan béim ar thábhacht an chomórtais, ag rá:

Tá traidisiún uasal ag an nGarda Síochána de sheirbhís don phobal le linn an chéid seo caite.

Beidh an Coimisinéir nua Garda i gceannas ar an eagraíocht in am fáis, athraithe agus athchóirithe leanúnaigh agus an eagraíocht ag tosú ag feidhmiú faoi fhorálacha an Achta um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, trínar cuireadh i bhfeidhm moltaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn.

Tá an rialtas tiomanta dá chinntiú go mbeidh na hacmhainní ag an nGarda Síochána atá ag teastáil chun coireacht a chomhrac. Tá eagraíocht Garda neartaithe, dea-acmhainnithe lárnach sa bheartas seo. Tá €2.48 billiún ann don bhliain seo, ar méadú 27% é sin ó 2020, atá ag tacú le hearcaíocht leanúnach comhaltaí agus foirne an Gharda Síochána.

Tá coinne agam go mbeidh mé in ann moladh a dhéanamh don rialtas ag deireadh mhí Iúil.

Léirigh an tAire O’Callaghan a bhuíochas freisin le Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, a d’aontaigh a théarma oifige a shíneadh chun an comórtas a éascú chun a chomharba a cheapadh.

Rinne an tAire comhairliúchán le Bord an Gharda Síochána nua agus leis an Údarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail i bhforbairt na gcritéar roghnúcháin agus an próiseas earcaíochta don chomórtas seo.

Ceapfar an Coimisinéir nua ar théarma cúig bliana nó go dtí an aois scoir de 62. Beidh an Coimisinéir i gceannas ar fhórsa oibre iomlán de beagnach 18,000 duine, lena n-áirítear Gardaí faoi mhionn, foireann an Gharda agus Cúltaca an Gharda.

Tabharfar sainordú don Choimisinéir acmhainn agus inniúlacht a neartú ar fud na heagraíochta, ag tógáil ar an eolas agus an saineolas atá ann cheana féin chun a chinntiú go bhfuil sé ar thús cadhnaíochta maidir le póilíneacht agus slándáil stáit go domhanda, i gcomhréir lena mhisean “Daoine a Choinneáil Sábháilte.”

Leag an tAire O’Callaghan béim ar thiomantas an rialtais chun an fórsa a leathnú:

Tá an Clár Rialtais tiomanta maoiniú a sholáthar chun 5,000 Garda nua a earcú agus a oiliúint thar na cúig bliana amach romhainn. Is príomhthosaíocht domsa agus don Choimisinéir Garda méid an Gharda Síochána a mhéadú ionas gur féidir linn tuilleadh Gardaí a fháil ar an talamh inár bpobail. Leanfaidh an rialtas ar aghaidh ag soláthar na n-acmhainní atá ag teastáil ón eagraíocht chun a chinntiú go bhfuil pobail ar fud na hÉireann sábháilte agus go mbraitheann siad sábháilte.

Chun seirbhís póilíneachta a sholáthar dár dtodhchaí, tá ceannaireacht an Choimisinéara Garda ríthábhachtach. Is ról fíordhúshlánach, leathan agus ardphróifíle é seo a bhfuilimid ag lorg iarrthóra eisceachtúil dó, ceannaire sármhaith agus spreagúil agus duine a bhfuil sláine den scoth aige.

Nótaí

Sonraí ceapacháin

Glacfaidh an Coimisinéir nua Garda leis an bpost i mí Mheán Fómhair 2025 agus tá sé i dteideal téarma cúig bliana a sheirbheáil nó go dtí go sroicheann sé an aois scoir de 62.

Tabharfar tasc don Choimisinéir acmhainn agus inniúlacht na heagraíochta a neartú, ag cinntiú go bhfanann sé ar thús cadhnaíochta maidir le póilíneacht agus slándáil stáit go domhanda.

Tiomantais Chlár an Rialtais

Tá an rialtas tiomanta a chinntiú go bhfuil na hacmhainní agus an tacaíocht riachtanach ag an nGarda Síochána chun sábháilteacht agus slándáil an phobail a choinneáil. I measc na bpríomhthiomantas tá:

  • maoiniú a sholáthar chun ar a laghad 5,000 earcach nua
  • Garda agus foireann bhreise Garda a earcú thar na cúig bliana amach romhainn
  • leanúint ar aghaidh ag tacú le Coláiste Oiliúna an Gharda i dTurlach Mór agus é a leathnú mar phríomhcholáiste oiliúna an Gharda
  • an Garda Síochána a dhéanamh níos tarraingtí d’earcaigh nua trí liúntas oiliúna an Gharda a mhéadú
  • spriocanna imscartha a thabhairt isteach chun feabhas a chur ar infheictheacht an Gharda ar an líne thosaigh
  • iontógáil Chúltaca an Gharda a mhéadú thar an sprioc reatha de 2,000 agus iontógálacha nua a chinntiú gach bliain

Fórsa oibre an Gharda

Beidh an Coimisinéir nua Garda i gceannas ar fhórsa oibre iomlán de beagnach 18,000 duine, méadú 16% le deich mbliana anuas.

Tuarastal Íocfar an t-iarrthóir rathúil a cheapfar chuig post Choimisinéir Garda an Gharda Síochána ar ráta ard agus iomaíoch mar is cuí chun freagracht agus éilimh an róil a léiriú. Beidh an tuarastal inidirbheartaithe suas le €314,512, faoi réir socruithe pinsin an duine aonair.

Scroll to Top