Cuireann an tAire Dooley fáilte roimh fhoilsiú tuarascála neamhspleách ar slad ar éisc na Dubhabhann

De réir na tuarascála ón Airmheán Comhpháirteach Taighde, d’fhreagair gníomhaireachtaí Stáit go tapa agus leagtar amach príomhmholtaí ann

Chuir an tAire Stáit sa Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Timmy Dooley, fáilte inniu roimh fhoilsiú tuarascála neamhspleách a rinne Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) an Choimisiúin Eorpaigh, a rinne iniúchadh ar fhreagairt an Stáit ar an eachtra maidir le slad ar éisc ar Dhubhabhainn na Mumhan i mí Lúnasa 2025.

Deimhnítear sa tuarascáil neamhspleách, a coimisiúnaíodh i ndiaidh na heachtra ba mhó a taifeadadh maidir le slad ar éisc in Éirinn, gur fhreagair gníomhaireachtaí Stáit go tapa agus go cuí nuair a tuairiscíodh an eachtra. Chomh maith leis sin, sainaithníodh deiseanna inar féidir feabhas a chur ar chomhordú agus ar chumarsáid, agus ag an am céanna aithníodh go bhfuil ‘bearna braite’ ann. Ciallaíonn sé sin an áit a dtarlaíonn teagmhas truaillithe gearrthéarmach agus a scaipeann sé sula mbraitear é, rud a chuireann teorainn leis an imscrúdú agus leis an bhforfheidhmiú.

Scroll to Top