
Cheap an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless TD, 12 chomhalta don Fhóram Náisiúnta um Chomhairle Eolaíochta nua.
Leag Tionchar 2030: Straitéis Taighde agus Nuálaíochta na hÉireann amach an rún córais nua comhairle eolaíochta a fhorbairt ar fud an Rialtais.
Anuraidh, ceapadh an tOllamh Aoife McLysaght mar Chomhairleoir Eolaíochta an Rialtais agus is é ceapadh an Fhóraim Náisiúnta um Chomhairle Eolaíochta an chéad chéim eile chun an tsamhail seo a thógáil.
Aithnítear go bhfuil comhairle eolaíochta i bhfoirmiú beartas níos casta ná mar a bhí agus nach féidir le haon duine amháin an doimhneacht saineolais atá ag teastáil chun comhairle a chur ar gach ábhar eolaíochta a bheith aige. D’eisigh an tAire, dá bhrí sin, cuireadh do léirithe spéise i gcomhaltas an Fhóraim nua ó dhaoine a bhfuil saineolas eolaíochta aitheanta go hidirnáisiúnta acu i réimse disciplíní eochracha.






