Tugann an Tánaiste dá aire foilsiú ag Banc Ceannais na hÉireann den chéad Tuarascáil Ráithiúil um Rochtain ar Airgead Tirim

Tugann an Tánaiste agus an tAire Airgeadais, Simon Harris T.D., dá aire foilsiú inniu ag Banc Ceannais na hÉireann den chéad Tuarascáil Ráithiúil um Rochtain ar Airgead Tirim. Leagann an foilseachán amach faisnéis a bhaineann le bonneagar airgid thirim ar fud an Stáit. Is céim thábhachtach í seo i gcur chun feidhme an Achta Airgeadais (Soláthar Rochtana ar Bhonneagar Airgid Thirim) 2025.

Tugann an tAcht cumhachtaí don Bhanc Ceannais agus foráiltear ann do leanúint ar aghaidh le soláthar leordhóthanach agus éifeachtach rochtana ar bhonneagar airgid thirim d’aonáin aonair agus do mhionfhiontair agus fiontair bheaga agus mheánacha (FBManna) in Éirinn.

Tar éis an fhoilseacháin tosaigh seo, foilseoidh an Banc Ceannais – ar bhonn ráithiúil – líon, suíomh agus uaireanta infhaighteachta na n-inneall íocaíochta uathoibríoch (ATManna) agus na bpointí seirbhíse airgid thirim i ngach ceann de réigiúin NUTS3 na hÉireann (is é sin le rá: an Teorainn, an Iarthar, an Mheán-Iarthar, an Oirdheisceart, an Iardheisceart, Baile Átha Cliath, an Mheán-Oirthear, agus an Lár-Tír).

Tá ceangal ar institiúidí creidmheasa áirithe – dá ngairtear “eintitis ainmnithe” – bonneagar líonra an airgid thirim a chothabháil ag leibhéil íosta áirithe, mar a fhorordaíonn an tAire Airgeadais. Is é is cuspóir leis seo a chinntiú go mbainistítear aon fhorbairt bhreise ar an mbonneagar airgid thirim ar bhealach cóir, ordúil, trédhearcach agus cothrom do gach páirtí leasmhar.

Scroll to Top