
Tá fáilte curtha ag an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless, an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee, agus an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, roimh chomhfhoilsiú an dara tuarascáil maidir le dul chun cinn i dtaca leis an Oideachas le haghaidh forbairt inbhuanaithe (OFI).
Déantar gníomhaíochtaí ar fud na n-earnálacha oideachais uile maidir le cur i bhfeidhm na straitéise náisiúnta maidir le OFI go dtí 2030 a dhoiciméadú sa tuarascáil, agus ar na príomhphointí áirítear;
- 2,400 foghlaimeoir cláraithe i 107 gcúrsa maidir le scileanna glasa;
- Curaclam nua na hArdteistiméireachta, Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe;
- Bronnadh €450,000 ar 30 údarás áitiúil faoin Scéim Deontas Caipitil le haghaidh
Súgradh agus Áineas, rud a chabhraíonn le leanaí a bhfuil riachtanais éagsúla acu taitneamh a bhaint as a bheith ag súgradh lasmuigh.
Is í an tuarascáil seo an dara tuarascáil maidir le dul chun ciinn i dtaca le OFI go dtí 2030, an Dara Straitéis Náisiúnta um Oideachas le haghaidh Forbairt Inbhuanaithe, agus cumhdaítear léí an tréimhse ó mhí Iúil 2023 go mí na Nollag 2024. Tá sé á fhoilsiú inniu le linn Seachtain na Spriocanna Domhanda de chuid na Náisiún Aontaithe – seachtain bhliantúil gníomhaíochta, feasachta agus cuntasachta i leith na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Gné lárnach de Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe do dhaoine, don phláinéid, don tsíocháin, don rathúnas agus don chomhpháirtíocht is ea OFI.
Cumhdaítear le OFI go dtí 2030 gach leibhéal agus gach earnáil oideachais in Éirinn, idir luathfhoghlaim agus luathchúram agus oideachas agus taighde tríú leibhéal, agus pobail áitiúla agus grúpaí óige tríd an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil.






