Fógraíonn an tAire O’Brien deontais is fiú €500,000 le haghaidh rannpháirtíocht an phobail i gcúrsaí aeráide

D’fhógair Darragh O’Brien, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus Alan Dillon, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGeilleagar Ciorclach, inniu go bhfuil deontais is fiú €500,000 dáfa faoin gCiste Rannpháirtíochta ‘Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide’. Méid idir €2,500 agus €10,000 a bheidh sna deontais agus dáilfear iad ar 96 cinn de ghrúpaí agus eagraíochtaí pobail i 23 chontae. Meastar go mbainfidh 30,000 duine tairbhe as na gníomhaíochtaí a ghinfear tríd an gciste seo, le tacaíocht ó bhreis agus 2,000 oibrí deonach.

Leis an gcistiú, tacófar le grúpaí agus eagraíochtaí atá ag obair chun daoine a thabhairt le chéile agus chun faisnéis a chomhroinnt faoin ngníomhú ar son na haeráide. Tá an ciste dírithe ar rannpháirtíocht, feasacht agus cumarsáid maidir leis an aeráid, agus é ag cabhrú le pobail spriocphobail nua ina gceantair a shroicheadh. Toradh eile a bheidh ar an gciste is ea go dtabharfar deiseanna do ghrúpaí pobail a gcuid oibre a chur chun cinn agus teachtaireacht an ghníomhaithe ar son na haeráide atá faoi stiúir ag an bpobal a scaipeadh.

Is é Fondúireacht Pobail d’Éirinn a riarann an ciste. Mar chuid de mhisean na Fondúireachta go mbeadh Comhionannas ag Gach Duine i bPobail atá faoi Bhláth, tá sí ag cumhachtú grúpaí áitiúla, taighdeoirí agus tathantóirí chun dul i mbun gnímh maidir leis an aeráid agus leis an dúlra ón mbliain 2000 i leith. Tá obair na fondúireachta sa réimse sin bunaithe ar an taithí 25 bliana atá aici ar obair i gcomhpháirt le 5,000 ceann de ghrúpaí deonacha, pobail agus carthanúla mar mhol daonchairdiúil, ar líonra é atá ag leanúint ar aghaidh ag fás.

Scroll to Top