‘Tabhair Suntas Dóibh’: Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlann Poiblí á chur chun cinn ag na hAirí Calleary agus Buttimer

  • Lá Oscailte le reáchtáil ag leabharlanna poiblí ar fud na tíre Dé Sathairn seo, 27 Meán Fómhair
  • Gach seirbhís saor in aisce: ballraíocht, iasacht, acmhainní digiteacha, agus tuilleadh
  • Béim speisialta ar fháiltiú roimh dhéagóirí, aosaigh óga, daoine scothaosta, agus pobail néara-éagsúla

Tá fáilte á cur ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary TD agus ag an Aire Stáit le freagracht as Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer TD, roimh gach duine chun cuairt a thabhairt ar a leabharlanna áitiúla an Satharn seo, 27ú Meán Fómhair, do Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlann Poiblí.

Reáchtálfar réimse leathan imeachtaí agus gníomhaíochtaí i leabharlanna fud fad na tíre, idir cheardlanna cruthaitheachta agus amanna scéalaíochta, clubanna leabhar, seisiúin folláine, agus go leor eile. I mbliana, leanann an feachtas ar aghaidh faoin téama ‘Tabhair Suntas Dóibh’, faoina gcuirtear béim ar fhairsinge na seirbhísí leabharlainne atá ar fáil—tá i bhfad eile seachas leabhair ar fáil.

Dúirt an tAire Dara Calleary, agus Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlann Poiblí á chur chun cinn aige:

“Tá leabharlanna dírithe ar chách, ag gach céim den tsaol. Tugann siad na scileanna dúinn chun ár mbealach a dhéanamh trí dhomhan athraitheach–idir cheardlanna um inniúlacht dhigiteach do dhaoine óga agus spásanna sóisialta do dhaoine scothaosta, agus tacaíocht do dhaoine de gach cúlra agus cumas.

Scroll to Top