agus muid ag lorg buaiteoir nua a thiocfaidh i gcorbacht ar Shinéad O Connor as Leevale AC a rinne an t-éacht mór anuraidh. Tá cúrsa nua i gceist i mbliana don rása seo – ceann de mhór rásaí Chorcaigh.

Tosaíonn an bealach nua, atá beartaithe, thart ar an limistéar céanna agus a bhí roimhe seo, ach ar Ché Uí Chinnéide, ag tabhairt isteach Bhóthar Victoria, ag teannadh ar chlé ar Center Park Rd, agus síos chomh fada leis an Muiríne. Beidh muid ag dul síos an Muiríne , chomh fada leis an mbóthar caol síos go Páirc Uí Chaoimh
Ón áit sin téann muid timpeall ceann na Carraige Duibhe de Pháirc Uí Chaoimh, ar an taobh amuigh, ansin suas idir na páirceanna uile-aimsire agus an staidiam, agus ansin cas ar dheis isteach sa charrchlós CLG le geata, agus ar chlé arís tar éis timpeall 100m, amach geata eile. , isteach i bPáirc nua na Muiríne, ag dul suas i dtreo an seastáin bhanna, ansin luascadh ar chlé agus ar ais síos arís os comhair Pháirc Uí Chaoimh, idir Pairc Ui Chaoimh féin agus na páirceanna uile-aimsire
Ag an bpointe sin, beidh na rannpháirtithe ag dul sa dá threo, agus bacainní eatarthu. Ag an deireadh, tar éis dúinn dul thar na páirceanna uile-aimsire, cas ar dheis i dtreo CAB. Ón áit sin ar aghaidh díreach suas Bóthar Mhuineacháin agus críochnaigh níos mó nó níos lú ag an láthair céanna agus a bhí sna blianta roimhe
Tá faomhadh na nGardaí faighte ag an mbealach nua molta. Tá súil againn go dtabharfaidh an bealach nua atá beartaithe, b’fhéidir, a gcéad amharc do dhaoine ar limistéar taitneamhachta nua Pháirc Muiríne Chomhairle Cathrach Chorcaí, álainn agus sárscéimhe.






