Tá taibléidí nua seolta ag an gcomhlacht bailiúcháin agus dáiliúcháin feamainne, Connemara Organic Seaweed, atá lonnaithe i Ros a Mhíl i gConamara, faoi stiúir Noel Lee.

Beidh siad ag díriú go príomha ar an margadh arlíne ar dtús báire chun na taibléidí seo a dhíol, ach ina theannta sin beidh na taibléidí á dhíol chomh maith ar fud na tíre i siopaí sláinte ar nós Evergreen.
Tá riar mhaith daoine fostaithe ag an gcomhlacht anois, idir riarthóirí oifige, lucht margaíochta agus bailitheoirí feamainne. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na taibléidí ag an suíomh idirlín, www.connemaraseaweedcompany.ie






