Stephen Kenny Gan Aon Ádh

Cluiche eile, cailliúnt eile. Tá Stephen Kenny bocht gan oiread agus pioc ádh tar éis gur chailleadar arís eile i bPáras.

Níl rompu anois ach iarracht a dhéanamh an Ísealtír a bhualadh Dé Céadaoi seo chugainn, agus mura dtarlóidh sé sin is cinnte go mbeidh deireadh le h-aistear na hÉireann chomh fada agus a bhaineann sé le cáilíocht a bhaint amach ins na cluichí ceannais Eorpacha a bheidh ar siúl an samhraidh seo chugainn.

Bhí rudaí níos deacra ón tús tar éis gur chailleadar Evan Ferguson roimh an chluiche, agus ba bheag a bhí na hÉireannaí in ann a dhéanamh leis an gcéad iarracht ón na Fraince.

Ar aghaidh leo go dtí an chéad chluiche eile!

Scroll to Top