
Thug an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, cuairt ar Inis Toirc i gCo. Mhaigh Eo chun léargas pearsanta a fháil ar thionchar infheistíocht an Rialtas i bpobal an oileáin trí réimse clár forbartha tuaithe, pobail agus oileáin.
Le linn na cuairte, bhuail an tAire le muintir na háite agus grúpaí pobail agus bhreathnaigh sé ar roinnt tionscadal a fuair tacaíocht Rialtais le blianta beaga anuas. Fuair sé eolas freisin ón phobal áitiúil faoina dtosaíochtaí ó thaobh fhorbairt an oileáin amach anseo faoi Phlean Thodhchaí Athnuaite an Phobail.
Agus é ag labhairt le linn na cuairte, dúirt an tAire Calleary:
“Is cuid fhíorluachmhar iad pobail oileánda i saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch na hÉireann. Tá rún daingean ag an Rialtas tacú le pobail oileánda bhríomhara inbhuanaithe trí infheistíocht spriocdhírithe a fhreastalaíonn ar riachtanais áitiúla agus a chruthaíonn deiseanna do ghlúnta an lae inniu agus an lae amárach.
“Is léiriú é an chuairt inniu ar an dea-thionchar is féidir a bhaint amach trí chomhpháirtíocht idir phobail áitiúla, údaráis áitiúla agus an Rialtas. Leis na tionscadail atá feicthe agam, cabhraítear le saol an phobail a neartú, infreastruchtúr áitiúil a fheabhsú, tacú le háineas agus turasóireacht, agus inbhuanaitheacht fhoriomlán shaol an oileáin a mhéadú.”
Tharla cuairt an Aire ag an am chéanna le seoladh líonra Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann ar an oileán, a raibh mar chloch mhíle thábhachtach eile sa Phlean Náisiúnta Leathanbhanda. Cinntítear leis an rolladh amach seo gurb ionann na deiseanna atá acu siúd atá ina gcónaí agus ag obair ar Inis Toirc agus deiseanna iad siúd inár mbailte agus cathracha, chun tacú le pobail inbhuanaithe, cianobair, oideachas agus fiontraíocht áitiúil, fiú sna codanna is iargúlta de Mhaigh Eo agus níos faide i gcéin.






