Taifid Dhaonáireamh 1926 foilsithe ag an gCartlann Náisiúnta

meacht oifigiúil an Stáit ag Caisleán Bhaile Átha Cliath chun eisiúint an chéad Daonáireamh in Éirinn tar éis bhunú an tSaorstáit a chomóradh

Taispeántas tábhachtach arna sheoladh ag an Taoiseach agus ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt

Ceiliúradh foilseachán thaifid Dhaonáireamh 1926 den chéad uair ag imeacht oifigiúil an stáit ag Caisleán Bhaile Átha Cliath ag an Taoiseach Micheál Martin TD, agus ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt Patrick O’Donovan TD. Eisíodh go hoifigiúil taifid Dhaonáireamh 1926 ag an gCartlann Náisiúnta ag meán oíche, i ndiaidh éag na tréimhse céad bliana óna bhfoilseachán faoin Acht Staidrimh, 1993.

Eisiúint Dhaonáireamh 1926

Cuireadh an daonáireamh iomlán ar fáil gan srian agus go hiomlán inchuardaithe ag an gCartlann Náisiúnta ar www.nationalarchives.ie, ag meán oíche. Sna taifid a eisíodh le déanaí, tá acmhainn nach bhfacthas riamh cheana, lena ligtear d’úsáideoirí tuairisceáin teaghlaigh mhionsonraithe ó 1926 a nascleanúint ar bhealach éifeachtúil.

Ba thionscadal nach beag é don Chartlann Náisiúnta agus don Stát Daonáireamh 1926 a ullmhú don phobal, arna thacú ag infheistíocht €5 milliún ón Rialtas. Bhí caomhnú cúramach, buanchoimeád, digitiú ardtaifigh, agus tras-scríobh ar bhreis agus 750,000 tuairisceán teaghlaigh agus áiritheora ar leith i gceist leis an tionscnamh, a thóg beagnach trí bliana.

Scroll to Top