
D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, agus an tAire Stáit le freagracht as Beartas Spóirt agus Poist, Charlie McConalogue, infheistíocht bhliantúil €28.5 milliún inniu sa chlár Ardfheidhmíochta do 2026 a dháilfear trí Spórt Éireann.
Leis an infheistíocht is mó riamh sin, leanfar de thacaíocht a thabhairt do lúthchleasaithe ardfheidhmíochta agus d’aidhm an Bheartais Náisiúnta Spóirt líon bonn na hÉireann a mhéadú.
Dúirt an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan:
Ba bhliain thar na bearta í anuraidh do lúthchleasaithe na hÉireann, agus bhuaigh siad 127 mórbhonn san iomlán. Baineadh na torthaí sin amach thar líon mór spórt agus tacaíodh leo le hinfheistíocht shuntasach ón Rialtas. Arís eile, is cúis áthais dúinn é tacú le lúthchleasaithe na hÉireann trí níos mó cistí ná riamh roimhe seo a infheistiú. Is pointe leath slí tábhachtach í an bhliain seo i dtimthriall LA agus i seachadadh na Straitéise Ardfheidhmíochta 2021-2032. Tá lúthchleasaithe na hÉireann ag leanúint de bhoinn a bhuachan ar an ardán domhanda, agus táim muiníneach go mbeidh tuilleadh gaiscí ar na leibhéil is airde mar thoradh ar an tacaíocht airgeadais leanúnach seo.
Méadú is ea an infheistíocht €28.5 milliún sa spórt ardfheidhmíochta in 2026 ar an €27 milliún a infheistíodh in 2025, agus is í an infheistíocht bhliantúil is mó riamh sa spórt ardfheidhmíochta. Beidh breis is €55 milliún infheistithe faoin bpointe leath slí den timthriall Oilimpeach/Pharailimpeach.






