
Rinne an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Pádraig Ó Donnabháin, T.D., comhghairdeas leis an ealaíontóir Éireannach Isabel Nolan ar ócáid sheoladh Ionadaíocht na hÉireann ag an 61ú Taispeántas Ealaíne Idirnáisiúnta – La Biennale di Venezia.
Is é Biennale Ealaíne na Veinéise, a bheidh ar siúl ón 9 Bealtaine go dtí an 22 Samhain 2026, an t-ardán domhanda is tábhachtaí chun na hamharc-ealaíona a léiriú, áit a mbíonn an pobal, baill den tsochaí shibhialta, daoine aonair agus institiúidí páirteach. Deis ar leith atá ann d’ealaíontóirí na hÉireann chun dul i mbun plé le lucht spéise idirnáisiúnta.
Ar bhonn gairm oscailte a roghnaíodh an t-ealaíontóir Isabel Nolan, in éineacht leis an gcoimeádaí Georgina Jackson le Gailearaí Ealaíne Comhaimseartha Douglas Hyde, chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann. Coimisiúnaíonn an Roinn, trí Chultúr Éireann, ionadaíocht na hÉireann sa Veinéis. Is comhpháirtíocht idir Cultúr Éireann agus an Chomhairle Ealaíon í Éire sa Veinéis, lena n-áirítear camchuairt náisiúnta.
Mar fhreagra ar théama na bliana seo, In Minor Keys – arna roghnú ag coimeádaí La Biennale, Koyo Kouoh, nach maireann – is é Dreamshook a thugtar ar Phailliún na hÉireann. Is éard is Dreamshook ann mothú dúiseachta as brionglóid, tráth a mbíonn réimsí na féidearthachta ag fanacht is ag síothlú de réir a chéile tríd an réaltacht ghuagach. I bPailliún na hÉireann ag an 61ú Taispeántas Ealaíne Idirnáisiúnta – La Biennale di Venezia, tá suiteán Nolan ina measctar taipéis lámhfhite, líníocht agus dealbhóireacht mar léiriú ar thairseacha, staideanna brionglóide agus insintí a chuireann na dealuithe idir a bhfuil neamhábhartha agus nithiúil as a riocht. Shíolraigh an saothar ón dúspéis atá aici le fada sna creataí lena múnlaítear aon tuiscint ar an domhan agus an fonn coiteann atá ar na daoine ord a chruthú san anord.






