
Bronnadh onóir ar Churaidh Phobail Chontae na Gaillimhe ag Gradaim an Chathaoirligh
Bronnadh onóir ar ghrúpaí pobail agus ar oibrithe deonacha ó gach cearn de Chontae na Gaillimhe ag Gradaim an Chathaoirligh in Óstán Choill an Ráithín oíche Aoine (8 Bealtaine).
Aithníodh obair daoine aonair agus eagraíochtaí a dhéanann difríocht ina bpobail ag an ócáid, a d’eagraigh Comhairle Chontae na Gaillimhe i gcomhpháirtíocht le Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Chontae na Gaillimhe.
Leis an searmanas, faoi stiúir an Chathaoirligh, an Comhairleoir David Collins, tugadh na daoine a bhí ainmnithe, a dteaghlaigh agus a lucht tacaíochta le chéile. Chuir fear an tí, Ronan Lardner ó Galway Bay FM, siamsaíocht ar fáil do sheomra lán go doras, agus thiúnáil daoine eile isteach trí bheoshruth ar leathanach Facebook na Comhairle.
I measc na mbuaiteoirí ar an oíche bhí Club Óige Make A Difference, John Tarpey, Foilseachán Oidhreachta Bhaile an Doirín, Scoil Náisiúnta Belmont, pop-up Gaeltacht Chinn Mhara, Brian Healy, Forbairt Pobail Dhún an Uchta agus an Cheantair, Cumann Camógaíochta Naomh Colmán, Bailte Slachtmhara Órán Mór, Bailte Slachtmhara Phort Omna, Bothán na mBan Thuama agus Tionscadal Eolaíochta Fionn.
Fuair gach duine gradam coimisiúnaithe go speisialta a dhear agus a rinne an t-ealaíontóir Seán Mahony ó Chreachmhaoil, mar aon le teastas agus duais €500 chun tacú lena gcuid oibre.
Bronnadh dhá ghradam breise ar an oíche. Bronnadh Gradam Aitheantais Speisialta an Chathaoirligh ar Damien Delaney as Leacach, an Turlach Mór, tar éis a bháis. Cuimhníodh air mar gheall ar a thiomantas dá phobal, a rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí áitiúla agus an tacaíocht a thug sé do thionscnaimh oidhreachta.
Bronnadh Gradam Saoil ar Jarlath McDonagh as an Turlach Mór. Iarmhúinteoir agus ionadaí poiblí is ea Jarlath McDonagh, agus chuir sé cuid mhór leis an saol pobail, leis an oideachas agus leis an spórt leis na scórtha bliain anuas, lena n-áirítear a chuid oibre le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Seanad Éireann.
Dúirt an Comhairleoir David Collins, Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe, “Tugann na gradaim seo aitheantas d’iarrachtaí gan staonadh daoine aonair agus grúpaí a oibríonn go dícheallach sa chúlra chun ár bpobail a neartú. Thar ceann Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus mhuintir an Chontae, tá áthas orm an ócáid seo a óstáil chun onóir a bhronnadh ar a ngnóthachtálacha agus a dtiomantas chun ár gceantair áitiúla a fheabhsú mar áiteanna chun cónaí agus chun obair iontu, agus chun cuairt a thabhairt orthu.”
Dúirt Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, “Tugann na gradaim seo deis do Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus do LRP Chontae na Gaillimhe aitheantas a thabhairt don luach agus d’ionchur uathúil a dhéanann oibrithe deonacha dár gcontae agus aitheantas a thabhairt dá dtionchar ar fholláine an phobail agus ar cháilíocht na beatha. Tá áthas orm go gcuirfear Leabhrán Gradam le chéile i mbliana mar chuimhneachán do na daoine ar fad a ainmníodh, agus chun gach duine inár gContae a chur ar an eolas faoi raon agus fairsinge na ngníomhaíochtaí deonacha agus an mórtas ceantair a chothaítear trí obair dheonach.”






