
D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, agus an tAire Stáit Spóirt agus Beartas Poist, Charlie McConalogue TD, inniu go bhfuil an Rialtas ag moladh €3.25 milliún breise mar thacaíocht chun cabhrú le dul chun cinn a dhéanamh ar Thionscadal Uisceach Réigiúnach na Gaillimhe, tionscadal a bhfuiltear ag fanacht leis le fada.
Leis an leithdháileadh atá beartaithe, dhúnfaí an bhearna maoinithe atá fágtha a shainaithin Comhairle Cathrach na Gaillimhe, rud a chuirfeadh ar chumas an tionscadail bogadh i dtreo chéim na tógála – faoi réir chríochnú an díchill chuí, formheas deiridh an cháis ghnó agus doiciméid tairisceana.
Léiríonn an tionscadal ceann de na hinfheistíochtaí bonneagair spóirt réigiúnacha is suntasaí atá beartaithe d’iarthar na hÉireann, lena n-áirítear linn snámha 35m de chaighdeán iomaíochta, urlár doimhneachta inchoigeartaithe, halla spóirt, giomnáisiam, áiseanna do lucht féachana, sabhna agus seomra gaile, agus raon spásanna pobail agus poiblí, chomh maith le bealaí rochtana rothaíochta agus coisithe uasghrádaithe.






