Fógraíonn an tAire Heydon eisiúint litreacha cinntí maidir le hiarratais ar Infheistíochtaí Neamhtháirgiúla faoin Scéim Timpeallachta Tuaithe Agra-Aeráide

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go n-eiseofar litreacha cinntí sna laethanta amach romhainn i ndáil leis an tríú fuinneog iarratais ar Infheistíochtaí Neamhtháirgiúla faoin gcur chuige comhair de chuid na Scéime Timpeallachta Tuaithe Agra-Aeráide.

Is gníomhaíochtaí comhshaoil deonacha comhlántacha iad Infheistíochtaí Neamhtháirgiúla faoin Scéim Timpeallachta Tuaithe Agra-Aeráide atá ar fáil faoin gcur chuige comhair, a thacaíonn le feirmeoirí bearta sonracha a dhéanamh chun torthaí comhshaoil a fheabhsú ar a sealúchais agus, dá réir sin, a gcuid íocaíochtaí faoin Scéim a mhéadú.

Ag déanamh an fhógra, dúirt an tAire Heydon:

“Cuireann infhaighteacht maoinithe d’infheistíochtaí neamhtháirgiúla deis ar fáil d’fheirmeoirí faoin gcur chuige comhair na Scéime Timpeallachta Tuaithe Agra-Aeráide dul i ngleic le saincheisteanna comhshaoil nó bearta a chur i bhfeidhm chun cáilíocht chomhshaoil a gcuid talún a fheabhsú, rud a mhéadóidh scór na talún nuair a mheasfar í agus, dá réir sin, a n-íocaíochtaí bunaithe ar thorthaí faoin Scéim.” Bhí fuinneog iarratais 2025, a bhí oscailte ón 5 Lúnasa go dtí an 17 Deireadh Fómhair 2025, ar an tríú deis do rannpháirtithe i gcur chuige comhair na Scéime Timpeallachta Tuaithe Agra-Aeráide iarratas a dhéanamh, agus bhí áthas orm leis an leibhéal spéise a léiríodh. Eiseoidh mo Roinn na litreacha cinntí maidir leis na hiarratais ar Infheistíochtaí Neamhtháirgiúla 2025 sin sna coicíse amach romhainn, ionas gur féidir le feirmeoirí tosú ansin ar chur i bhfeidhm na n-infheistíochtaí atá ceadaithe ina bPleananna Oibre Bliantúla 2025. Is feabhas suntasach é eisiúint na litreacha cinntí laistigh de shé mhí ón dáta dúnta ar an achar ama inar eisíodh na cinntí sna blianta roimhe seo, agus tabharfaidh an luasghéarú seo níos mó ama d’fheirmeoirí chun an obair a dhéanamh.”

Ag tagairt do na ceaduithe a eisíodh i ndáil le hiarratais a cuireadh isteach in 2023 agus 2024, dúirt an tAire freisin:

“Tá áthas orm a thabhairt faoi deara freisin go bhfuil beagán faoi €7 milliún íoctha go dtí seo le 2,929 feirmeoir faoin Scéim Timpeallachta Tuaithe Agra-Aeráide i ndáil le cur i bhfeidhm na n-infheistíochtaí neamhtháirgiúla atá ceadaithe faoi na Pleananna Oibre Bliantúla don dá bhliain sin. Beidh tairbhe na mbeart sin le feiceáil nuair a bheidh measúnú agus scóráil á ndéanamh ar a gcuid talún in am trátha chun a n-íocaíochtaí bunaithe ar thorthaí faoin Scéim a ríomh.”

Ag cur críoch leis an bhfógra, mhol an tAire:

“Tá sé beartaithe go n-osclófar an córas d’Infheistíochtaí Neamhtháirgiúla arís níos déanaí i mbliana chun iarratais a chur isteach. Molaim dá bhrí sin d’fheirmeoirí faoin gcur chuige comhair na Scéime Timpeallachta Tuaithe Agra-Aeráide dul i dteagmháil lena gcomhairleoirí agus lena bhfoireann áitiúil Tionscadail Chomhoibrithe sna míonna amach romhainn chun a n-eolas ar an raon infheistíochtaí atá ar fáil a mhéadú, agus ar an dóigh ar féidir leo tairbhe a bhaint astu dá gcuid talún, d’fhonn go gcuirfear iarratas isteach thar a gceann nuair a osclófar an chéad fhuinneog iarratais eile.”

Scroll to Top