Fógraíonn an tAire Foley maoiniú dar luach €600,000 le clóis súgartha agus láithreáin súgartha ar fud na tíre a fhorbairt agus a athchóiriú

Tá an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, tar éis faighteoirí na Scéime Deontais Caipitil don Súgradh agus Áineas i mbliana a fhógairt inniu, agus €600,000 san iomlán arna dhámhachtain ar 30 Údarás Áitiúil ar fud na tíre.

Tacaíonn an Scéim Deontais Caipitil don Súgradh agus Áineas le hobair na nÚdarás Áitiúil chun rochtain ar shaoráidí súgartha agus áineasa den scoth a fheabhsú laistigh dá bpobail. Féadann sé sin tarlú trí athchóiriú agus uasghrádú ar na saoráidí atá ann faoi láthair, nó trí chinn nua a fhorbairt. Cuireann an scéim luach suas le €22,000 ar fáil in aghaidh an tionscadail, infheistíocht a mbeidh tionchar dearfach aici do leanaí agus teaghlaigh ar fud na tíre.

In go leor de na tionscadail arna maoiniú faoi scéim na bliana seo leagtar béim ar leith ar chuimsiú agus rochtain, agus cabhróidh siad le leanaí, ag a bhfuil réimse éagsúil éileamh, tairbhe a bhaint as saoráidí den scoth i dteannta a bpiaraí. Áirítear le roinnt de na tionscadail chistithe sin suiteáil na nithe seo a leanas:

  • Crandaithe bogadaí atá inrochtana do dhaoine i gcathaoireacha rotha
  • Trealamh céadfach ionchuimsitheach don chlós súgartha agus spás súgartha ionchuimsitheach
  • Gnéithe uasghrádaithe inrochtaineachta agus plandú bithéagsúlachta
  • Trealamh Súgartha Rochtana Cothroime
  • Spásanna do Dhéagóirí

Agus dámhachtain an mhaoinithe á fógairt, dúirt an tAire Foley:

“Is cúis áthais dom Deontais Chaipitil don Súgradh agus Áineas a fhógairt i mbliana, rud a chuirfidh tacaíocht ríthábhachtach ar fáil do phobail chun spásanna bríomhara ionchuimsitheacha inrochtana a fhorbairt do leanaí agus do dhaoine óga. Is léiriú iad na hinfheistíochtaí seo ar ár dtiomantas láidir chun a chinntiú go mbíonn an deis ag gach leanbh súgradh, fiosrú, agus forás a dhéanamh i dtimpeallachtaí sábháilte spreagúla

Táimid ag súil le bheith ag obair go dlúth le gach údarás áitiúil chun na tionscadail sin a sholáthar d’fhonn folláine a fheabhsú, stíleanna maireachtála gníomhacha a chur chun cinn, agus naisc phobail a neartú ar fud na tíre.”

Scroll to Top