
D’fhógair an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, inniu go bhfuil Derek Tierney ceaptha mar Ard-Rúnaí nua na Roinne Sláinte, tar éis don Rialtas an ceapachán a cheadú.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill:
“Is mór agam fáilte a chur roimh Derek Tierney mar Ard-Rúnaí i mo Roinn. Tá saibhreas taithí ag Derek ar fud na seirbhíse sláinte, go háirithe maidir le tionscadail mhóra bonneagair agus acmhainne a chur i gcrích, atá ríthábhachtach do thodhchaí ár seirbhísí. Tá teist láidir aige ar infheistíocht straitéiseach a thiontú ina feabhsuithe fíor-inláimhsithe do na hothair.”
Faoi láthair, is é Derek Tierney Rúnaí Cúnta sa Roinn Sláinte, áit a bhfuil sé i gceannas ar Bhonneagar Sláinte, ar chur chun cinn na Sláinte Digití agus ar chomhordú chlár oibre athchóirithe Sláintecare. Roimhe sin, bhí sé ina Stiúrthóir Cláir i dTascfhórsa Vacsaínithe Covid-19 an Rialtais. Bhí róil shinsearacha aige sna hearnálacha Dlí agus Cirt agus Iompair agus sa Rialtas lárnach, le freagracht as cláir mhórscála, cur i bhfeidhm leasuithe, rialachas córas agus freagairtí uile-Rialtais. Sular tháinig sé isteach sa Státseirbhís, bhí róil shinsearacha aige freisin i gcomhlacht leathstáit iompair tráchtála agus san earnáil phríobháideach, ag obair sna tionscail chógaisíochta, ríomhaireachta agus teileachumarsáide.
Cuireann an tréimhse atá romhainn dúshláin thábhachtacha straitéiseacha agus oibríochtúla os comhair sheirbhís sláinte phoiblí na hÉireann. Ina measc seo tá rochtain ar sheirbhísí agus torthaí d’othair a fheabhsú, cúram comhtháite a neartú trí na Réigiúin Sláinte, agus táirgiúlacht agus luach ar airgead a fheabhsú laistigh de na hacmhainní atá ar fáil. Beidh tionchar ag an éileamh méadaithe, de bharr athruithe daonra agus brú ar an lucht saothair, ar thosaíochtaí na seirbhíse freisin, agus díreofar ar athchóirithe Sláintecare a chur chun cinn chun cúram níos fearr, níos tapa agus atá ullamh don todhchaí a chur ar fáil sa tréimhse amach romhainn. Beidh Uachtaránacht Chomhairle an AE ag Éirinn sa dara leath de 2026, agus beidh fócas suntasach ar na hullmhúcháin don fhreagracht seo agus ar a cur i gcrích.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill:
“Ag am ina bhfuil sé ríthábhachtach acmhainn a leathnú, cinnteoidh a cheannaireacht go dtógfar na saoráidí agus na córais a theastaíonn ó othair agus ónár lucht saothair don todhchaí. Éileoidh an chéad chéim eile d’athchóiriú na sláinte díriú leanúnach ar infheistíocht acmhainne agus ar leasuithe a ailíniú le héileamh déimeagrafach, le tosaíochtaí cliniciúla agus le feidhmíocht an chórais. Táim ag tnúth le bheith ag obair le Derek agus leis an bhfoireann sa Roinn Sláinte chun seirbhís a thógáil atá freagrúil do na saincheisteanna atá romhainn inniu agus atá athléimneach don todhchaí.”






