
D’fháiltigh an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O’Brien agus an tAire Stáit, Timmy Dooley, roimh cheapadh an Dr Eamonn Kelly mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin (POF) nua ar Iascach Intíre Éireann (IIÉ).
Rinneadh an ceapachán de réir alt 23 d’Acht um Iascach Intíre, 2010, i ndiaidh próisis earcaíochta oscailte a chuir an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí i gcrích thar ceann Bhord IIÉ.
Dúirt an tAire O’Brien:
“Cúis áthais dom a dheimhniú go bhfuil an Dr Eamonn Kelly ceaptha mar POF nua ar Iascach Intíre Éireann. Guím gach rath air ina phost nua. Beidh príomhról ag an POF i dtacú leis an mBord agus leis an bhfoireann de réir mar a leanann IIÉ ar aghaidh ag cur lena rialachas, cumas eagrúcháin agus lena fheidhmeanna reachtúla a sheachadadh.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Dooley le linn dó a bheith ag fáiltiú roimh an gceapachán:
“Is mian liom tréaslú leis an Dr Eamonn Kelly atá ceaptha mar an chéad POF eile ar IIÉ. Tá ról lárnach ag an POF i seachadadh fheidhmeanna reachtúla IIÉ agus i gcur chun feidhme a Ráiteas Straitéise a stiúradh, agus tá mé ag súil le bheith ag obair i ndlúthchomhar le hEamonn chun a chinntiú go bhfuil ár gcuid aibhneacha, lochanna agus iascach á mbainistiú go hinbhuanaithe ar mhaithe leis na glúnta amach anseo.”
Is comhlacht reachtúil é IIÉ atá ag feidhmiú faoi choimirce na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, agus ba i mí Iúil 2010 a bunaíodh é faoin Acht um Iascach Intíre. I measc a phríomhfheidhmeanna tá cosaint, bainistiú agus caomhnú na n-acmhainní iascaigh intíre – acmhainn nádúrtha luachmhar a nglactar léi mar chuid dár bhféiniúlacht chultúrtha, chomhshaoil agus eacnamaíoch. Tá breis is 74,000 ciliméadar d’aibhneacha agus sruthanna úruisce le fáil in Éirinn, mar aon le 128,000 heicteár de lochanna agus go leor acmhainní fairsinge slatiascaireachta farraige laistigh den teorainn 12 mhuirmhíle.






