€6.2 milliún Ceadaithe do thionscadail Ghaeilge agus Ultaise faoin Tionscnamh um Oileán Comhroinnte

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, inniu go bhfuil maoiniú caipitil €6.2 milliún ceadaithe aige do thionscadail a thacaíonn leis an nGaeilge agus le cultúr, oidhreacht agus teanga na hUltaise, faoin Tionscnaimh Rialtais um Oileán Comhroinnte.

San áireamh san fhógra seo, tá maoiniú caipitil suas le €4.8m san iomlán thar 4 bliana ceadaithe don Chiste Infheistíochta Gaeilge chun cómhaoiniú a dhéanamh ar thograí pobail Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Tá maoiniú caipitil os cionn €1.4 milliún fógartha chomh maith do North West Cultural Partnership chun cómhaoiniú a dhéanamh ar an tionscadal caipitil Cuimsiú Cultúrtha i gCathair Dhoire.

Tá maoiniú curtha ar fáil ag an Rialtas tríd an gCiste um Oileán Comhroinnte – faoinar fógraíodh €6 milliún i bhFeabhra 2025 mar thacaíocht do thionscadail Ghaeilge agus Ultaise – mar aon le maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, a dhéanfaidh maoirseacht ar sheachadadh an mhaoinithe, i gcomhar le comhpháirtithe i dTuaisceart Éireann.

Cuirfidh na tionscadail a bainfidh tairbhe as an maoiniú atá fógartha inniu go mór chun leas teangeolaíocha, sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha na bpobal Gaeilge agus Ultaise i dTuaisceart Éireann agus cois teorann.

Scroll to Top