Fógraíonn an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ceapachán Leas-Ard-Rúnaí le freagracht as gníomhachtú tithíochta

D’fhógair an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta inniu gur ceapadh an tUasal Garret Doocey mar Leas-Ard-Rúnaí le freagracht as gníomhachtú tithíochta.

Roimhe seo bhí sé ina Leas-Rúnaí sa Roinn Iompair, agus ceapadh an tUasal Doocey i ndiaidh próisis earcaíochta ag Public Jobs i gcomhar leis an gCoiste um Cheapacháin Ardleibhéil sa tSeirbhís Shibhialta (TLAC).

Tá líon róil sealbhaithe ag an Uasal Doocey sa Roinn Iompair sna réimsí Corparáideacha, Muirí agus Iompair Phoiblí – lena n-áirítear freagracht as cláir mhóra bonneagair ar nós Bus Connects, Dart +, MetroLink agus bóithre náisiúnta. Roimh dó dul isteach sa tSeirbhís Shibhialta, d’oibrigh sé san earnáil phríobháideach agus tá MSc sa Bhainistiú ar Mhórchláir, MSc sna Staidéir Bheartas Eacnamaíochta agus MA sa Bhainistiú Poiblí aige.

Agus é ag tuairisciú go díreach don Ard-Rúnaí, beidh ról ríthábhachtach ag an Leas-Ard-Rúnaí um Ghníomhachtú Tithíochta maidir le seachadadh Rialtais ar sholáthar méadaithe tithíochta a thiomáint agus a chomhordú i ngach cineál tionachta. Gníomhóidh an ról freisin mar cheannasaí ar an Oifig Ghníomhachtaithe Tithíochta a bhunaigh an tAire James Browne anuraidh.

Scroll to Top