Riachtanais radharc datha nuashonraithe d’iontráil i bprintísigh cheardaíochta

Tá fáilte curtha ag an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Séamus Lawless TD, agus ag an Aire Stáit um Bhreisoideachas, Printíseacht, Tógáil agus Scileanna Aeráide, Marian Harkin TD, roimh athruithe tábhachtacha ó SOLAS ar na riachtanais iontrála do chláir phrintíseachta ceardaíochta, go háirithe maidir le radharc datha.

Ní bheidh tástáil radhairc datha, agus toradh pas a bhaint amach, éigeantach a thuilleadh chun dul isteach i mbeagnach gach printíseacht cheardaíochta, seachas na cláir Leictreacha agus Ionstraimíochta Leictreaí.

Tá na hathruithe seo bunaithe ar thaighde neamhspleách arna choimisiúnú ag SOLAS agus arna dhéanamh ag an Ollamh Roger S. Anderson ag an Lárionad um Optaiméadracht agus Eolaíocht Radhairc, Ollscoil Uladh.

Scroll to Top