D’fhreagair Garda Cósta na hÉireann do 2,793 teagmhas in 2025

An bhliain i bhfigiúirí

  • Gníomhachtaíodh na 44 Aonad den Gharda Cósta ar 1,187 ócáid ar leith in 2025
  • Rinne Héileacaptair an Gharda Cósta 933 misean
  • Cuireadh cúnamh ríthábhachtach ar fáil do 1,941 duine (caillteanas beatha a chosc, agus/nó seachadadh chuig cúram leighis cuí)
  • Rinne héileacaptair an Gharda Cósta 190 eitilt otharchairr aeir mar thacaíocht do phobail na n-oileán amach ón gcósta
  • Seoladh báid tarrthála Institiúid Ríoga Náisiúnta na mBád Tarrthála 798 uair ar leith
  • Seoladh an tseirbhís tarrthála pobail cois cladaigh le haghaidh 121 tasc in 2025

Bhí 2025 ina bhliain dhinimiciúil agus dhúshlánach eile do Gharda Cósta na hÉireann. I rith na bliana, bhainistigh an Garda Cósta 2,793 teagmhas, ó oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála go freagairtí do thimpistí muirí, chomh maith le gníomhaíochtaí rialaithe agus ullmhachta truaillithe.

Imscaradh ár 44 Aonad den Gharda Cósta 1,187 uair i rith na bliana, agus lean siad de ról ríthábhachtach a imirt maidir le pobail ar fud na tíre a chosaint. Chuimsigh sé seo 933 misean héileacaptair lena n-áiríodh tacaíocht leighis do phobail oileáin amach ón gcósta.

San iomlán, chuir Garda Cósta na hÉireann cúnamh tarrthála ar fáil do 1,941 duine in 2025, chun caillteanas beatha a chosc nó rochtain thráthúil ar chúram leighis a chinntiú. Ba lárnacha dár n-iarrachtaí a bhí an comhoibriú, agus na trí Lárionad Comhordaithe Tarrthála i mBaile Átha Cliath, i Málainn agus i nDaingean Uí Chúis ag tabhairt tascanna do bháid tarrthála RNLI ar 798 ócáid agus ag gníomhachtú na seirbhíse tarrthála pobail cois cladaigh 121 uair.

Bhain Garda Cósta na hÉireann cloch mhíle mhór amach ó thaobh a chumais eitlíochta, le héileacaptair AW189 á n-oibriú ag Bristow Ireland ag tosú ar oibríochtaí ó bhunáiteanna i gCo. an Chláir, i mBaile Átha Cliath agus i Sligeach agus oibríochtaí Sciatháin Sheasta ag dul beo ó Shionainn i Meán Fómhair 2025. Cinntíonn an leathnú straitéiseach seo gur fhreagair GCÉ níos éifeachtaí d’éigeandálaí, trí imscaradh tapa a chinntiú, mar aon le clúdach feabhsaithe ar fud chósta agus limistéar cois cladaigh na hÉireann i gcaitheamh na bliana 2025.

Tá an cumas breise eitlíochta tar éis a bheith ríthábhachtach cheana féin in 2025, ar bliain í a bhí marcáilte ag coinníollacha aimsire foircneacha agus dothuartha. Chuir na coinníollacha seo brú gan fasach ar sheirbhísí éigeandála, lenar éilíodh freagraí tapa comhordaithe ar fud réigiúin iomadúla. Le hacmhainní breise agus solúbthacht oibríochtúil, tá tacaíocht fheabhsaithe curtha ar fáil freisin ag an nGarda Cósta do Ghníomhaireachtaí Príomhfhreagartha ar fud na tíre chun a chinntiú go bhfuair pobail a bhí buailte ag tuilte, éigeandálaí cósta, agus teagmhais eile a bhaineann leis an aimsir cúnamh agus idirghabhálacha tarrthála.

“Ba bhliain í 2025 a chuir dúshlán roimh theacht aniar agus cumas Gharda Cósta na hÉireann, i ndáiríre. Leis na coinníollacha foircneacha aimsire a bhí romhainn, theastaigh freagairtí tapa comhordaithe, agus tá bród orm as an gcaoi ar thug ár bhfoirne faoin ndúshlán. Ba mhór-athraithe iad aistriú rathúil na dtrí bhunáit agus tabhairt isteach oibríochtaí Sciatháin Sheasta ó Cho. an Chláir, ag cur ar ár gcumas freagairt níos tapúla agus níos éifeachtaí ná riamh a thabhairt. Chinntigh an dul chun cinn sin, in éineacht le dúthracht ár n-oibrithe deonacha agus ár gcomhpháirtithe, go bhfuair pobail ar fud na hÉireann an tacaíocht tarrthála a bhí ag teastáil uathu nuair ba mhó a theastaigh sé.”

Joanna Cullen Uasal, Ard-Rúnaí Cúnta sa Roinn Iompair atá freagrach as Garda Cósta na hÉireann

Scroll to Top