D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, a bhfuil freagracht speisialta air as taighde agus nuálaíocht, Noel Grealish TD, rannpháirtíocht na Roinne i ndá ghlao nua taighde faoi na Comhpháirtíochtaí Eorpacha maidir le ‘Agra-éiceolaíocht’ agus ‘FutureFoodS’.
Ag labhairt faoin bhfógra, dúirt an tAire Grealish:
“Tá áthas orm a fhógairt go mbeidh mo Roinn rannpháirteach mar mhaoinitheoir sna dhá ghlao taighde nua seo ó na Comhpháirtíochtaí Eorpacha ‘Agroecology’ agus ‘FutureFoodS’. Tá comhoibriú le comhpháirtithe Eorpacha ríthábhachtach chun saineolas a fhorbairt agus acmhainní a chomhthiomsú i réimsí na talmhaíochta agus na gcóras bia ciorclach, athléimneach agus inbhuanaithe. Cuirfidh ár dtacaíocht airgeadais ar chumas taighdeoirí Éireannacha páirt a ghlacadh sna glaonna seo, rud a chabhróidh le heolas praiticiúil agus ábhartha ó thaobh beartais de a fhorbairt ar éagsúlacht ghéiniteach agus athraitheacht plandaí agus ainmhithe, agus feabhas a chur ar acmhainneacht córas próiseála bia ciorclacha.”
Díreoidh maoiniú ón Roinn faoin nglao Agra-éiceolaíochta ar thograí a scrúdóidh éagsúlacht agus athraitheacht ghéiniteach plandaí agus ainmhithe a thacóidh le haistriú chuig córais feirmeoireachta inbhuanaithe. Áireofar leis seo, mar shampla, taighde chun cineálacha barr agus pórtha ainmhithe a fhorbairt atá oiriúnaithe do dhálaí comhshaoil sonracha, pórú le haghaidh athléimneachta in aghaidh na haeráide, strus lotnaidí agus galair, agus pórú chun éifeachtúlacht beatha feabhsaithe nó astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.
Cuirfidh maoiniú faoin nglao ‘FutureFoodS’ tacaíocht ar fáil do thograí taighde a dhíríonn ar chórais bia chiorclacha, acmhainneachta agus inbhuanaithe a fhorbairt. Áireofar leis seo, mar shampla, taighde chun fo-shruthanna próiseála bia a athchúrsáil, modhanna nuálacha caomhnaithe bia a dhearadh, agus imscrúdú a dhéanamh ar an gcumas atá ann do theicneolaíochtaí coipeadh nua i bpróiseáil bia.
Tá faisnéis mhionsonraithe faoi raon feidhme an ghlao, treoirlínte iarratais, critéir incháilitheachta agus maoiniú atá ar fáil ar fáil trí shuíomhanna gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, na Comhpháirtíochta Agroecology agus na Comhpháirtíochta FutureFoodS.






