- Breis agus 300 leasú molta ar an mBille Meabhair-Shláinte, 2024 curtha ag an Rialtas chuig Seanad Éireann
- Is tosaíocht de chuid an Rialtais é an Bille a achtú
- Tá an Bille, ina bhfuil os cionn 220 rannán, dírithe ar an duine agus cosnóidh sé cearta daoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu sna blianta amach romhainn
Tá cead faighte ag Mary Butler TD, an tAire Meabhair-Shláinte, ón gComh-Aireacht le haghaidh leasuithe beartaithe Rialtais ar an mBille Meabhair-Shláinte, 2024, a bheidh le cur faoi bhráid an tSeanaid le haghaidh díospóireacht ar Chéim an Choiste. Tosóidh an tAire ar na leasuithe a thairiscint sa Seanad an tseachtain seo chugainn (Dé Máirt, an 2 Nollaig 2025)
Tá an toirmeasc ar theiripe leictri-thritheamhach (ECT) do leanaí, chomh maith le coimircí breise a bhaineann le measúnuithe acmhainneachta agus neartú na gcritéar cóireála, i measc na 300 leasú atá á dtabhairt isteach.
Tá dhá chuid nua á dtabhairt isteach sa Bhille freisin chun cumhachtaí nua a thabhairt don Choimisiún Meabhair-Shláinte chun srian cógaseolaíoch a rialáil agus faireachán a dhéanamh air i gcás ina bhfuil duine ina bhaol dá shábháilteacht féin nó do shábháilteacht daoine eile.
Déanfaidh leasú eile atá á mholadh sa Seanad an Bille a ailíniú tuilleadh leis an Acht Cúnaimh um Cinnteoireacht (Cumas) 2015. Leis an leasú seo, beidh sé níos éasca do ghairmithe meabhairshláinte iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar Ionadaí Cinnteoireachta a cheapadh do dhaoine a choinnítear go neamhdheonach agus nach bhfuil sé d’acmhainn acu cinntí áirithe a dhéanamh maidir lena gcóireáil féin.
Tá an tAire Butler ag tnúth le páirt a ghlacadh i ndíospóireacht chuiditheach ar na leasuithe agus ar dhul chun cinn leanúnach an Bhille mar thosaíocht trí na Tithe.
Ag labhairt roimh Chéim an Choiste den Seanad, dúirt an tAire Butler:
“Tá sé mar thosaíocht agam féin agus ag an Rialtas le fada an lá an Bille seo a achtú agus tá áthas orm anois breis agus 300 leasú a dhéanamh ar an mBille Meabhair-Shláinte ag Céim an Choiste sa Seanad. Ba mhaith liom a chinntiú go mbeidh an Bille chomh láidir agus is féidir, agus creidim go ndéanfaidh na leasuithe seo an Bille níos treise. Táim ag tnúth le bheith ag obair le comhghleacaithe sa Seanad agus sa Dáil chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo achtú a luaithe is féidir.
“Tá na leasuithe seo bunaithe ar chomhairliúchán breise le páirtithe leasmhara agus le Ranna Rialtais eile. Leis na leasuithe substainteacha, féachtar le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna oibríochtúla agus le cothromaíocht iomchuí a áirithiú idir neamhspleáchas daoine aonair a urramú agus rochtain thráthúil ar chúram sláinte á soláthar ag an am céanna.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Butler:
“Tá sé ríthábhachtach go n-achtóimid an reachtaíocht sin chun ár reachtaíocht mheabhairshláinte a nuachóiriú agus chun na coimircí is gá a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go ndéanfar cearta daoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu a chosaint sna blianta amach romhainn.
“Táim ag tnúth le bheith ag obair le Seanadóirí ar fud an tseomra chun scrúdú a dhéanamh ar na leasuithe seo sa Seanad sna seachtainí amach romhainn agus chun oibriú i dtreo achtú an Bhille a luaithe is féidir.”






