
D’fhógair an tAire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu go mbeidh thart ar 700 feirmeoir orgánach nua ag glacadh páirt sa Scéim Feirmeoireachta Orgánaí an bhliain seo chugainn, faoi réir gach riachtanas scéime a chomhlíonadh. Aithníonn straitéis agraibhia na hÉireann, FoodVision 2030, an feirmeoireacht orgánach mar dheis éagsúlaithe réadúil d’fheirmeoirí na hÉireann agus leanann an fheirmeoireacht orgánach ag mealladh líon suntasach.
Dúirt an tAire Hackett:
“Tá infheistíocht leanúnach á déanamh san earnáil orgánach in Éirinn, atá tar éis fás go tapa le ceithre bliana anuas. Tá go leor feirmeoirí in Éirinn ag rátaí stocála inar féidir leo dóthain féir a fhás gan leasachán costasach a cheannach, mar sin tá ciall ghnó le tiontú go feirmeoireacht orgánach chomh maith le tairbhí comhshaoil a thabhairt. Laghdaíonn fás féarach ilspeiceas agus sadhlais seamair dhearg an gá le leasacháin cheimiceacha costasacha agus tiúcháin allmhairithe. Tá deiseanna ollmhóra ann freisin d’fheirmeoirí orgánacha barra inairthe a fhás chun freastal ar an éileamh ar bheatha orgánach beostoic agus coirce grád bia, atá tar éis méadú faoi dhó le blianta beaga anuas. Teastaíonn ardleibhéal scile agus tuiscint ar conas a oibríonn ithir shláintiúil ón bhfeirmeoireacht orgánach, agus tá feirmeoirí na hÉireann ábalta don dúshlán seo.”
Ní mór d’Fheirmeoirí Orgánacha a bheith cláraithe le comhlacht deimhniúcháin orgánach, freastal ar chúrsa oiliúna 25 uair an chloig ina gcéad bhliain feirmeoireachta orgánaí, foirm iarratais BISS a chur isteach go bliantúil agus cloí le caighdeáin orgánacha. I Meán Fómhair na bliana seo, seoladh Straitéis Náisiúnta Orgánach nua, agus ceann dá príomhchuspóirí ná luach táirge orgánach na hÉireann a mhéadú faoi thrí go €750 milliún faoi 2030.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Hackett:
“Le blianta beaga anuas tá fás gan fasach feicthe againn san fheirmeoireacht orgánach in Éirinn. Bhí infheistíocht shuntasach rialtais i margaíocht, taighde agus tacaíocht chomhairleach. Tá dhá oiread feirmeoirí óga agus ban againn i gcomparáid leo siúd a úsáideann ionchuir cheimiceacha. Ag am nuair atá ceisteanna faoi athnuachan glúine ar fheirmeacha ar fud an AE ba chóir go gcuirfeadh sé seo teachtaireacht shoiléir chuig feirmeoirí na hÉireann faoi cá bhfuil deiseanna don todhchaí dóibh. Leanfaidh Teagasc le taighde an bhliain seo chugainn a leagfaidh amach treoirphleananna do tháirgeadh mairteola agus uain orgánach, agus leanfaidh Bord Bia ag oscailt margaí do tháirgí orgánacha na hÉireann. Dóibh siúd nach bhfuil tiontaithe fós ach a d’fhéadfadh a bheith á mheas, mholfainn dóibh freastal ar cheann de na siúlóidí feirme orgánaí a bheidh ar siúl an bhliain seo chugainn agus feiceáil dóibh féin céard atá á chailleadh acu. Ba mhaith liom fáilte a chur roimh ár bhfeirmeoirí orgánacha nua agus a chinntiú do gach feirmeoir orgánach gurb é ár dtosaíocht ná rath na hearnála a chinntiú de réir mar a leanann sí ag fás.”





