An t-eolas is déanaí ón Aire Foley agus ón Aire Naughton maidir leis na cúig scoil speisialta nua do scoilbhliain 2025/26

Dheimhnigh an tAire Oideachais, Norma Foley TD, agus an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Hildegarde Naughton TD, inniu (Dé Máirt, 10 Nollaig) suíomh na gcúig scoil speisialta nua atá le bunú do scoilbhliain 2025/26.

Tagann sé seo sna sála ar an bhfógra a rinne siad ar an 18 Deireadh Fómhair 2024 go mbunófaí cúig scoil speisialta nua i gceithre chontae éagsúla do scoilbhliain 2025/26 chun freastal ar an méadú atá ag teacht ar líon na scoláirí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO) acu.

Is i gceantar Thuaisceart na Cathrach i gCathair Chorcaí a bheidh suíomh na scoile speisialta nua i gContae Chorcaí. Maidir leis an 2 scoil speisialta nua i gContae Bhaile Átha Cliath, beidh ceann acu lonnaithe i gceantar Leamhcáin agus an ceann eile i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Is i mBaile na Lorgan a bheidh an scoil speisialta nua i gContae Mhuineacháin. Is san Aonach a bheidh an scoil speisialta nua i dTiobraid Árann.

Freastalóidh na scoileanna ar leanaí agus ar dhaoine óga a bhfuil riachtanais chasta oideachais speisialta acu suas go dtí 18 mbliana d’aois. Is cloch mhíle thábhachtach é uasdátú an lae inniu ar a suíomhanna toisc go gceadaíonn sé níos mó ama chun iontrálacha scoile a phleanáil, baill foirne a earcú, foireann a oiliúint agus tabhairt faoi oibreacha tógála riachtanacha. Cinnteoidh an ardphleanáil chun cinn seo don chéad scoilbhliain eile 2025/2026 go mbeidh socrúcháin chuí ar fáil chun freastal ar riachtanais scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Meastar go bhfeidhmeoidh na cúig scoil speisialta faoi phátrúnacht na mBord Oideachais agus Oiliúna áitiúla (BOOanna); BOO Chorcaí, BOO Bhaile Átha Cliath agus Dhún Laoghaire, BOO an Chabháin agus Mhuineacháin, agus BOO Thiobraid Árann.

Bainfear athearraíocht as foirgnimh atá ann cheana féin chun na scoileanna a bhunú. Tá an úsáid seo atá á baint as an soláthar foirgneamh scoile atá ann cheana féin ríthábhachtach chun dlús a chur le soláthar na cúig scoil speisialta nua faoi mhí Mheán Fómhair seo chugainn.

Tá tuilleadh sonraí maidir leis na suíomhanna beachta agus na socruithe maidir le bunú na scoileanna aonair á dtabhairt chun críche leis na páirtithe leasmhara ábhartha.

Scroll to Top