
Tá dlí sínithe ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly chun fíneáil láithreach €2,000 a chur i bhfeidhm as an gcion táirgí tobac nó táirgí ionanálaithe nicitín a dhíol ag imeachtaí dírithe ar leanaí.
I mí an Mhárta na bliana seo, thosaigh an tAire Donnelly ilrannóga den Acht Sláinte Poiblí (Táirgí Tobac agus Táirgí Ionanálaithe Nicitín) 2023 chun cosaint leanaí ó tháirgí tobac agus táirgí ionanálaithe nicitín a neartú, le teacht i bhfeidhm ar an 23 Meán Fómhair 2024.
I measc na mbeart a cuireadh tús leo tá cosc ar tháirge tobac nó táirge ionanálaithe nicitín a dhíol, nó a chur faoi deara é a dhíol, ag imeacht dírithe go háirithe ar leanaí, nó ag a bhfuil tromlach na rannpháirtithe nó an lucht féachana ina leanaí. Tá síniú curtha ag an Aire Donnelly anois ar dhlí a fhoráileann do phionós seasta €2,000 a bheith ceangailte leis an gcion sin.
Is cuid iad na bearta seo de straitéis chuimsitheach fhoriomlán an Aire chun rialú níos déine a thabhairt isteach ar tháirgí ionanálaithe nicitín agus chun deireadh a chur le húsáid táirgí tobac.
An tseachtain seo caite, d’fhaomh an rialtas dréachtú Bhille Sláinte Poiblí (Táirgí Ionanálaithe Nicitín) an Aire a dhéanfaidh rialú ar phacáistiú, ar bhlasanna agus ar thaispeáint mhiondíola táirgí vápála chomh maith le cosc a chur ar vapaí aon úsáide nó indiúscartha. Tabharfaidh an tAire a Bhille um Leasú Sláinte Poiblí (Tobac) tríd an Dáil chomh luath agus is féidir sa téarma nua freisin. Fágfaidh an Bille gurb í Éire an chéad tír san AE a shocróidh aois dhlíthiúil íosta 21 bliain chun táirgí tobac a dhíol.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Cuirim fáilte roimh theacht i bhfeidhm forálacha breise dár nAcht 2023. Táim ag forbairt dlí nua um rialú tobac, ag tabhairt dlí tríd na Tithe agus ag cur dlí i bhfeidhm atá achtaithe cheana féin. Is é an práinn ná saolta a shábháil atá á gcailleadh mar gheall ar tháirge tráchtála coitianta a mharaíonn.
“Tá mé diongbháilte cabhrú le caiteoirí tobac éirí as, cosc a chur ar chaiteoirí tobac nua a bheith cruthaithe trí thurgnamh le táirgí tobac nó táirgí ionanálaithe nicitín agus gach bealach atá ar mo thoil a úsáid chun sláinte ár ndaonra agus go háirithe ár leanaí a chosaint.”
Dúirt an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Colm Burke:
“Mar Aire atá freagrach as Sláinte Phoiblí agus Folláine, táim ag obair leis an Aire Donnelly ar ár n-ilbhearta reachtacha chun deireadh a chur leis an millean seo ar shláinte ár ndaonra. Tá treoir tugtha againn don domhan maidir le rialú tobac san am atá thart agus leanfaimid ar aghaidh ag brú chun cinn go dtí go mbeidh deireadh curtha againn leis an mbagairt andúile agus mharfach seo.”






