
Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., go bhfuil an tsaoráid chun Stoc Deiridh leasacháin 2024 a dhearbhú ar an mBunachar Sonraí Náisiúnta Leasachán (NFD) ar fáil anois ar líne.
“Agus muid ag bogadh isteach sa dara bliain de bhailiú sonraí, tá áthas orm leis an leibhéal ard rannpháirtíochta ón earnáil feirmeoireachta, ó cheannaithe leasacháin agus ón tionscal leasacháin le bliain anuas. Tá beagán os cionn 122,000 Úsáideoir Deiridh Gairmiúil Leasacháin (FEU) cláraithe ar an NFD anois, 425 clárúchán Oibreoir Eacnamaíoch Leasacháin (FEO) agus tá níos mó ná 481,000 idirbheart taifeadta ag an gcóras. Mholfainn go láidir d’úsáideoirí leasacháin logáil isteach ar agfood.ie agus a dtuairisceán stoic deiridh a chomhlánú.”
Is féidir le feirmeoirí agus FEOanna Gairmiúla eile stoc deiridh leasacháin atá á choinneáil ar a bhfeirmeacha agus ar a n-áitribh a dhearbhú anois. Ní mór a áireamh sa dearbhú sin freisin na feirmeacha agus na háitribh sin nach bhfuil aon stoc ar láimh acu.
Agus é ag cur béime ar a thábhachtaí atá sé stoc deiridh leasacháin a dhearbhú go cruinn, dúirt an tAire:
“Anois go bhfuil deireadh tagtha leis an séasúr leathadh leasacháin, is tráthúil é go gcuirfeadh feirmeoirí agus Úsáideoirí Deiridh Gairmiúla Leasacháin eile tuairisc chruinn ar fáil faoi mhéid na leasachán atá á gcoinneáil ar fheirmeacha agus ar áitribh ar fud na tíre.”
Is é an 15 Deireadh Fómhair 2024 an dáta deiridh chun Stoc Deiridh leasacháin ar fheirmeacha agus ar áitribh a chur isteach.
Is próiseas simplí é dearbhú stoic deiridh inar féidir le feirmeoirí, nó a ngníomhairí, logáil isteach ar agfood.ie. I gcásanna nach bhfuil aon stoic leasacháin ar láimh, ní gá ach tic a chur i mbosca chun tuairisceán stoic nialasach a dhearbhú. I gcás ina bhfuil leasachán i láthair, ba cheart go n-áireofaí sa dearbhú cineál an leasacháin agus na cainníochtaí atá á gcoinneáil.






