Maoiniú €2.3 milliún fógartha ag an Aire Burke chun seirbhísí drugaí pobalbhunaithe a chothú agus chun tacú le daoine atá ag teacht chucu féin

D’fhógair an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Colm Burke, leithdháileadh maoinithe €1.5 milliún inniu chun seirbhísí drugaí pobalbhunaithe atá ann cheana a chothú agus €800,000 (in aghaidh na bliana thar cheithre bliana, is é sin €3.2 milliún san iomlán) chun tacú le téarnamh daoine ó spleáchas ar dhrugaí.

Cuirtear €800,000 ar fáil chun tacú le téarnamh daoine ó spleáchas ar dhrugaí agus a gcomhtháthú sa ghnáthshaol, le béim ar leith ar thionscnaimh i réimsí amhail fostaíocht, oideachas, tithíocht agus teaghlach. Tacóidh an maoiniú freisin le tacaíocht agus cóitseáil téarnaimh piarthacaithe, agus forbairt pobail téarnaimh. Léiríodh téarnamh go soiléir i moltaí an Tionóil Saoránach ar Úsáid Drugaí.

Dúirt an tAire Burke: “Aithním go bhfuil níos mó i gceist leis an gcoincheap ‘téarnamh’ ná díreach smacht ar úsáid substaintí amháin. Teastaíonn meabhairshláinte agus sláinte fhisiciúil níos fearr lena aghaidh, ach tá forbairt saoil fhiúntaigh chomh tábhachtach céanna. Is próiseas é an téarnamh ar minic a thógann sé am chun é a bhaint amach agus iarracht chun é a choinneáil. Níl in idirghabhálacha leighis agus seirbhísí cóireála gairmiúla ach cuid amháin den scéal iomlán. Tá fógairt an mhaoinithe seo tráthúil ós rud é gur Mí Téarnaimh é mí Mheán Fómhair, agus beidh go leor gníomhaíochtaí ar siúl sna seachtainí atá amach romhainn chun é seo a chomóradh.

Creidim go bhfuil ról lárnach ag daoine a bhfuil taithí saoil acu, mar pháirtithe leasmhara tábhachtacha, i bpleanáil, leagan amach agus seachadadh seirbhísí téarnaimh éifeachtacha. Ar an gcúis sin, ba mhaith liom béim a chur ar an ngá atá le tionscnaimh faoi stiúir piaraí a mhaoiniú ag baint úsáid as na hacmhainní a fógraíodh inniu. Chonaic mé go pearsanta an tábhacht a bhaineann le ceiliúradh a dhéanamh ar dhaoine aonair atá ag maireachtáil i dtéarnamh agus aitheantas a thabhairt do na hoibrithe díograiseacha a sholáthraíonn na seirbhísí coiscthe, cóireála agus tacaíochta téarnaimh a fhágann gur féidir le go leor daoine téarnamh ó spleáchas ar dhrugaí.”

Tá €1.5 milliún á sholáthar do sheirbhísí drugaí pobalbhunaithe atá ann cheana a bhfuil éileamh méadaithe agus/nó costais mhéadaithe rompu. Beidh an maoiniú ar fáil ar bhonn athfhillteach ó 2025. Aithnítear leis an maoiniú seo an t-éileamh méadaithe ar chóireáil drugaí. Léirítear sa Chóras Tuairiscithe Náisiúnta ar Chóireáil Drugaí (NDTRS), a d’fhoilsigh an Bord Taighde Sláinte, go raibh 13,104 cás ann in 2023, is é sin méadú beagnach 50% ó 8,922 in 2017.

Is éard a dúirt an tAire Burke: “Le roinnt blianta anuas tá iarracht chomhbheartaithe déanta chun seirbhísí a leathnú chun freastal ar an éileamh agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’obair na soláthróirí seirbhíse, na dTascfhórsaí Drugaí agus Alcóil agus tionscadal aonair ar fud na tíre.

Leis an maoiniú seo, tacófar le cur chuige straitéiseach maidir le pleanáil seirbhíse sna réigiúin sláinte nua FSS, i gcomhréir leis an gclár athchóirithe Sláintecare. Tá mé muiníneach go mbeidh an maoiniú nua seo ina chuidiú chun na réigiúin sláinte seirbhísí drugaí a phleanáil agus a sheachadadh bunaithe ar riachtanais shonracha daoine ina gceantar, feabhas breise a chur ar an gcaoi a reáchtáiltear seirbhísí, cinnteoireacht áitiúil a neartú agus cáilíocht chomhsheasmhach cúraim a sholáthar.”

Scroll to Top