
Tá an tAire Oidhreachta, Malcolm Noonan, tar éis cuireadh a thabhairt don phobal páirt a ghlacadh i Seachtain Náisiúnta Oidhreachta, a bheidh ar siúl ón 17ú go dtí an 25ú Lúnasa. Beidh os cionn daichead imeacht ag tarlú i bPáirceanna Náisiúnta agus in Anaclanna Dúlra ar fud na tíre.
I measc na n-imeachtaí, beidh siúlóidí, taispeántais, agus gníomhaíochtaí oideachasúla éagsúla ar fáil. San áireamh tá lomadh caorach de phór oidhreachta an Chladaigh i gConamara, déanamh boxty ar Chonair an Bhotháin, agus imeacht do Ghardaí Sóisearacha in Anaclann Dúlra Ghleann Garbh.
Tá áthas ar an Aire a fhógairt go bhfuil Ionad Cuairteoirí Anaclann Dúlra Chláir Mhóir oscailte don phobal arís, le gníomhaíochtaí agus siúlóidí treoraithe pleanáilte timpeall ar cheann de na portaigh ardaithe is fearr in Éirinn.
Dúirt an tAire Noonan:
“Cosnaíonn ár bPáirceanna Náisiúnta agus ár nAnaclanna Dúlra ár n-oidhreacht nádúrtha, ach nascann siad muid freisin le caidreamh ár sinsear leis an dúlra. Le linn Sheachtain na hOidhreachta, tá ár bPáirceanna Náisiúnta agus ár nAnaclanna Dúlra ag tairiscint eispéireas uathúil chun ár ngnáthóga agus ár speicis dhúchasacha a fhiosrú agus foghlaim fúthu, chomh maith leis an obair atá ar bun chun iad a chosaint agus a athchóiriú.”
“Is gné thábhachtach dár n-oidhreacht nádúrtha iad ár bportaigh, agus tá ról ríthábhachtach acu maidir leis an ngéarchéim bhithéagsúlachta a réiteach. Tá áthas orm go bhfuil Ionad Cuairteoirí Anaclann Dúlra Chláir Mhóir i Uíbh Fhailí ar oscailt don phobal arís le sraith imeachtaí spreagúla pleanáilte do Sheachtain Náisiúnta Oidhreachta. Táim ag súil le feiceáil go leanfaidh an tIonad ag fás agus ag leathnú a chláir oideachais do ghrúpaí pobail agus do scoileanna sna míonna amach romhainn.”
Tá téama na Seachtaine i mbliana dírithe ar ‘Naisc, Bealaí agus Líonraí’, agus léireofar é seo trí shiúlóidí treoraithe, taispeántais agus gníomhaíochtaí do gach aois.
I dteannta le siúlóidí treoraithe agus gníomhaíochtaí bunaithe ar bhithéagsúlacht a thairiscint, tabharfaidh clár ilghnéitheach imeachtaí cuireadh do bhaill an phobail naisc a dhéanamh lena n-oidhreacht nádúrtha. Taispeánfaidh Páirc Náisiúnta Chonamara traidisiúin a bhaineann le pór oidhreachta Chaorach an Chladaigh, mar shampla sníomh, fíodóireacht agus fiú lomadh caorach. Beidh deiseanna ann chun scéal na seoda seandálaíochta i bPáirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin a chloisteáil, líonraí nádúrtha a bhrath i gcoillte Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, agus taispeántais phreab-suas bhithéagsúlachta a fheiceáil i bPáirc Náisiúnta Chill Airne.
Dúirt Niall Ó Donnchú, Ard-Stiúrthóir na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra:
“Léiríonn clár na bliana seo ár dtiomantas deiseanna a fheabhsú chun nascadh, dul i ngleic agus foghlaim faoinár n-oidhreacht nádúrtha. Táimid an-sásta tacú leis an gComhairle Oidhreachta ar an tionscnamh tábhachtach seo agus páirt a ghlacadh le daoine eile i gceiliúradh ár n-oidhreachta uathúla inár bPáirceanna Náisiúnta agus inár nAnaclanna Dúlra.”
Tá gach imeacht de chuid na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra saor in aisce.





