Scéim Dreasachta do Phluiméirí maidir le Teaschaidéil a Shuiteáil i dTithe Seolta ag an Aire O’Donovan

Sheol an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Patrick O’Donovan TD, Scéim Dreasachta nua do Phluiméirí inniu maidir le Teaschaidéil a Shuiteáil i dTithe.

Leis an scéim nua, a bheidh i bhfeidhm ón lá inniu go dtí an 1 Nollaig, cuideofar le pluiméirí cáilithe dul i mbun cúrsaí oiliúna maidir le taischaidéil a shuiteáil.

Ag labhairt dó inniu, is éard a dúirt an tAire O’Donovan:

“Tá ríméad orm tabhairt isteach Scéime nua do phluiméirí maidir le Teaschaidéil a Shuiteáil i dTithe a fhógairt go hoifigiúil.

Faoin scéim seo, tabharfar dreasacht suas go €500 chun go nglacfadh pluiméirí am saor ón obair chun uasoiliúint a dhéanamh mar shuiteálaithe teaschaidéal a bheidh cláraithe le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann.

Trí bheith ag cuidiú chun na costais seo a fhritháireamh, tabharfar deis leis an scéim do chonraitheoirí beaga agus meánmhéide uasoiliúint a chur ar a mbaill foirne, acmhainn bhreise a fháil i réimse ina bhfuil éileamh ag fás i rith an ama, agus cabhrú le pluiméirí féachaint chuige go seasfaidh a ngairm bheatha an aimsir.

Beidh suas le 300 pluiméir cáilithe in ann am saor a ghlacadh ón obair anois chun an cúrsa oiliúna i suiteáil teaschaidéal i dtithe a dhéanamh.

Teastaíonn gairmithe oilte chun ár dtiomantas i leith todhchaí inbhuanaithe a bhaint amach. Beidh ról fíorthábhachtach ag an gcúrsa seo i ndáil leis na spriocanna aeráide atá againn a bhaint amach.”

Is éard a dúirt Joe Cunningham, Phríomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Laoise agus Uíbh Fhailí:

“Tá lúchair orainn an scéim dreasachta seo a thabhairt isteach, a bheidh riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar na baic atá ann faoi láthair ó thaobh acmhainn i ndáil le suiteáil teaschaidéal.

Trí spriocdhíriú a dhéanamh ar phluiméirí a cháiligh le déanaí, is é is aidhm againn feabhas a chur ar an saineolas earnála i dtaca le teicneolaíochtaí teaschaidéil i dtithe.

Ní hamháin go bhfuil an tionscnamh seo mar thaca dár spriocanna gníomhaithe aeráide, ach cuirtear deiseanna luachmhara uasoiliúna ar fáil leis freisin do ghairmithe i dtionscal na tógála. In éineacht le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, leis an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, le SOLAS agus le soláthróirí ceadaithe oiliúna, táimid tiomanta do céimeanna suntasacha a ghlacadh i dtreo todhchaí inbhuanaithe d’Éirinn, ina mbeimid tíosach ar fhuinneamh.

Is éard a dúirt an Dr Ciaran Burne, Stiúrthóir Iarfheistithe Náisiúnta in Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann:

Bíonn Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann de shíor ag dul i dteagmháil le conraitheoirí agus le monaróirí chun tuiscint a fháil ar na dúshláin a bhíonn rompu agus chun baic ar bith atá orthu maidir lena gcuid oibríochtaí a fhás a shainaithint.

Ansin, bímíd in ann comhoibriú a dhéanamh leo agus le ranna Rialtais eile chun teacht ar bhealaí na baic seo a bhaint agus tacaíocht a thabhairt don shlabhra soláthair de réir mar a fhásann sé.

Is iontach an sampla í an scéim dreasachta seo ar mar atá Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann agus an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta ag obair le chéile. Tá cloiste againn ó chonraitheoirí agus ó phluiméirí gur bac mór é cailleadh tuillimh agus iad i mbun oiliúna agus tá réiteach thar a bheith praiticiúil curtha ar fáil againn.”

I láthair na huaire, tá thart ar 500 suiteálaí cláraithe teaschaidéal ann, ach teastaíonn 500 sa bhreis faoin mbliain 2025. Tháinig sé chun solais le comhairliúcháin tionscail go gcuirtear cosc ar ghlacadh cúrsaí uasoiliúna le ham saor ag teastáil ón obair agus le cailleadh tuillimh.

Beidh an scéim seo ina chuidiú chun dlús a chur le glacadh teascháidéal trí bhorradh a chur faoi acmhainn suiteála an slabhra soláthair.  Tá sé ag teacht le sprioc an Rialtais chun 400,000 teaschaidéal a shuiteáil faoin mbliain 2023 faoin bPlean Náisiúnta Iarfheistithe.

Is féidir leosan a bhfuil spéis acu clárú sa scéim tuilleadh sonraí a aimsiú trí theagmháil a dhéanamh le incentivescheme@mountlucas.ie .

Scroll to Top