Plean Teanga Bhaile Seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin seolta go hoifigiúil
Seoladh Plean Teanga Bhaile Seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin i gConamara i gContae na Gaillimhe go hoifigiúil inniu, 29 Iúil 2024.
Is í an eagraíocht Forum Connemara atá aitheanta mar cheanneagraíocht pleanála teanga agus a fheidhmeoidh plean teanga an Chlocháin. Is i nDeireadh Fómhair 2021 a cuireadh tús le réiteach an phleain agus tá 36 beart sa phlean teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gceantar an Chlocháin.
Tá ról suntasach ag an mbaile seirbhíse Gaeltachta i soláthar seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála don phobal sna limistéir phleanála teanga ar a bhfreastalaíonn sé. De thoradh air seo, imríonn Bailte Seirbhíse Gaeltachta tionchar suntasach agus dearfach ar stádas na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh i gceantair Ghaeltachta.
Agus é ag fáiltiú roimh fhoilsiú an phleain, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne:
“Ba mhaith liom tréaslú le Forum Connemara – Ceanneagraíocht ar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta An Chlocháin – agus le gach duine a bhí bainteach leis an bplean teanga a chur le chéile don Chlochán. Tabharfaidh an plean teanga deiseanna do phobal an cheantair a bheith lárnach sna hiarrachtaí an Ghaeilge a neartú ar an mbaile agus freastal ar na ceantair Ghaeltachta máguaird freisin.”
Is é Baile Seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin an naoú Baile Seirbhíse Gaeltachta a bhfuil plean teanga ceadaithe dó.
Cuirfear suas le €96,000 ar fáil go bliantúil ar feadh tréimhse 7 mbliana do Forum Connemara chun Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú agus an plean teanga a chur i bhfeidhm.





