Plean Éigeandála Cibearshlándála foilsithe ag an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála

Leagtar amach sa phlean seo an cur chuige náisiúnta maidir le bheith ag freagairt do theagmhais thromchúiseacha chibearshlándála a imríonn tionchar ar chórais agus líonra a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leo

Tá plean éigeandála cibearshlándála na hÉireann á fhoilsiú inniu, a forbraíodh i ndiaidh rannpháirtíocht mhór ar fud na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí araon agus cleachtaí éigeandála earnáilsonracha sna blianta 2022 agus 2023, mar aon leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó ionsaí bogearraí éirice FSS sa bhliain 2021.

Leagtar amach sa phlean an próiseas trína ndéantar Éigeandála Náisiúnta Cibearshlándála a fhógairt, a bhainistiú agus a chomhordú. Cinntítear leis go dtuigeann an uile dhuine an ról atá acu agus na freagrachtaí atá orthu le linn éigeandáil cibearshlándála, agus go mínítear go soiléir cur chuige an Rialtais i leith teagmhais thromchúiseacha chibearshlándála agus go gcuirtear in iúl go soiléir don phobal é.

Bíonn teagmhais thromchúiseacha chibearshlándála ilchineálach de réir a nádúir, agus tá réimse leathan cásanna féideartha ann ina bhféadfaí an plean a chur i bhfeidhm. Cinntíodh leis sin, dá réir sin, gur ionsuíodh próiseas freagartha thar a bheith solúbtha sa phlean le linn a fhorbartha.

Braitheann na gníomhaíochtaí a gcuirtear síos orthu sa Phlean Éigeandála Cibearshlándála ar thrí mhód comhoibrithe:

  • An Mód Buan: Baineann sé seo le gnáthchúrsa an ghnó, a gcoinnítear feasacht staide agus a ndéantar gníomhaíochtaí um ullmhacht do theagmhais lena linn.
  • An Mód Rabhaidh: Déantar é seo a ghníomhachtú nuair a thugtar le fios le fianaise go bhfuil baol ardaithe ann go dtiocfadh teagmhas de chineál ‘éigeandála cibearshlándála’ chun cinn in earnáil shonrach nó in earnálacha sonracha. Bíonn cumarsáid le páirtithe leasmhara ar fud an rialtais agus san earnáil phríobháideach i gceist leis, de réir mar is iomchuí.
  • An Mód Lánghníomhachtaithe: Gníomhachtaítear é seo má tharlaíonn teagmhas lena mbaintear an tairseach d’éigeandáil cibearshlándála náisiúnta amach, a dteastaíonn gníomhachtú an Ghrúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí ina leith, a ndéanann an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála cathaoirleacht air, chun freagairt éifeachtach chomhordaithe ilghníomhaireachta tras-rialtais a chinntiú ar mhaithe le srianadh, maolú agus/nó téarnamh.

Ag labhairt dó maidir le foilsiú an phléan, is éard a dúirt Stiúrthóir an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála, Richard Browne:

“Is deacair an jab é freagra a thabhairt ar éigeandálaí cibearshlándála go héifeachtach ar leibhéal náisiúnta mar gheall ar an réimse leathan teagmhas féideartha atá ann, agus cineál, méid agus iarmhairtí ilchineálacha a bhaineann leo seo. Leis an bplean seo, bunaítear ollstruchtúr chun freagairt an Rialtais a chomhordú i gcomhréir le reachtaíocht agus beartas na hÉireann agus na hEorpa.”

An príomhlucht spéise don phlean ná oifigigh ó Ranna/Gníomhaireachtaí Rialtais a bhfuil ról acu maidir leis an bhfreagairt d’éigeandalaí náisiúnta cibearshlándála agus eagraíochtaí a bhféadfadh a bheith ina n-eagraíocht is íospartach (soláthróirí seirbhísí bunriachtanacha poiblí agus príobháideacha), lena n-áirítear oifigigh shinsearacha, baill foirne cumarsáide, agus pearsanra a bhfuil freagrachtaí orthu a bhaineann le freagairt ar theagmhais laistigh dá n-eagraíocht.

Le foilsiú an phlean, cinntítear go mbeidh comhordú saoráideach leis an gcur chuige náisiúnta i leith bainistiú éigeandála i gceist, mar a bunaíodh i ‘Bainistíocht Straitéiseach Éigeandála (BSÉ): Struchtúir agus Creat Náisiúnta’. Ceaptar an creat chun cur le cosaint, tacaíocht agus leas an phobail i dtréimhsí éigeandála trína chinntiú go mbeidh struchtúir agus nósanna imeachta náisiúnta atá oiriúnach don fheidhm i bhfeidhm chun déileáil le raon leathan éigeandálaí, bídís de thionscnamh inmheánach nó de thionscnamh seachtrach.

Toisc gur forbraíodh an plean i gcomhréir le Bainistíocht Straitéiseach Éigeandála (BSÉ): Struchtúir agus Creat Náisiúnta, bunaítear leis na struchtúir i leith cur chuige “uile-Sochaí” a chomhordú maidir le bheith ag ullmhú d’éigeandáil cibearshlándála agus freagra a thabhairt ina leith.

Tá fáil ar an bplean anseo .

Scroll to Top