
Rinne an tAire Stáit i Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, ceiliúradh ar thús mhí Bealtaine trí chéad siúlóid feirme Growing Organics den bhliain a oscailt ag feirm dhéiríochta agus churaíochta Bill agus Marianne George san Ardlios, Co. Laoise Dé Céadaoin, an 1 Bealtaine.
Is éard a dúirt an tAire Hackett:
“Bealach iontach a bhí i siúlóid an lae inniu chun tús a chur le mí na Bealtaine, a bhfuil na feirmeoirí go léir ag súil do dtiocfaidh dea-aimsir léi, is dóigh liom, chun go ligfear dúinn tabhairt faoin obair ar fad atá ag carnadh le seachtainí agus míonna anuas. Geimhreadh fada crua a bhí ann d’fheirmeoirí na hÉireann. Tá dúshláin romhainn nach bhfacthas riamh maidir le hathnuachan glúine, caighdeán an uisce, an t-athrú aeráide agus a chinntiú go mbeidh caighdeán maith maireachtála agus beatha ag feirmeoirí. Sílim go mbeidh scéalta amhail scéal Bill agus Marianne, agus córas feirme amhail a gceann féin, ina n-ábhar machnaimh d’fheirmeoirí tar éis Gheimhreadh na mblianta 2023/24.”
Lean an tAire Hackett ar aghaidh leis an méid seo:
“Tá feirm Bill agus Marianne ina feirm orgánach le breis is 20 bliain. Tá an ráta stocála ar an ardán innilte gan ionchuir shaorga á rith ag 2.5 aonad beostoic in aghaidh an heicteáir, leis an ráta foriomlán stocála ar an bhfeirm ag 1.7 aonad beostoic in aghaidh an heicteáir. Cosúil le córas feirmeoireacta ar bith, bíonn dúshláin le sárú nuair atá an t-athrú á dhéanamh go táirgí orgánacha, agus bhí sé iontach Bill agus Marianne a chloisteáil agus na dúshláin sin á bplé acu, mar aon leis na réitigh orthu, ar bhealach chomh hoscailte sin. Bhí go leor cainte ann maidir le táirgí orgánacha agus na buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann leo le cúpla bliain anuas, ach níl aon rud níos fearr ná bheith ag labhairt le feirmeoir táirgí orgánacha agus freagraí macánta a fháil ar do chuid ceisteanna. Mholfainn go mór d’fheirmeoirí súil a choinneáil amach le haghaidh siúlóidí feirmeacha orgánacha ina gceantar féin le linn na seachtainí agus na míonna atá amach romhainn, agus chun dul ann más féidir chun mar a oibríonn sé ar an talamh ó lá go lá a chloisteáil dóibh féin.





