An Fóram Comhpháirteach Eora-Mheiriceánach maidir le hAilse seolta ag an Aire Sláinte

  • Maoiniú ar fiú breis is €50 milliún é a leithdháileadh faoin Straitéis Náisiúnta Ailse ón mbliain 2020 imithe chun tairbhe seirbhísí cóireála agus scagthástála, ag tacú le hearcú os cionn 400 ball foirne
  • €37.6 milliún i maoiniú taighde ón mbliain 2020 tar éis tacú le forbairt bonneagair trialacha cliniciúla ailse
  • Feabhas tagtha ar rátaí marthanais faoi chóir a bheith 50% i gcomparáid le fiche bliain ó shin

Tá an Fóram Comhpháirteach Eora-Mheiriceánach maidir le hAilse seolta ag an Aire Stephen Donnelly i dTeach Bhán na Feirme, Baile Átha Cliath inniu. Leis an bhfóram seo, tugtar le chéile na heagraíochtaí ailse de scoth an domhain, lena n-áirítear an Eagraíocht Eorpach um Ailse, Cumann Mheiriceá um Oinceolaíocht Chliniciúil, Scoil Eorpach na hOinceolaíochta, agus Institiúid Ailse Naisiúnta na Stáit Aontaithe, chomh maith le hInstitiúid Taighde Ailse Uile-Oileáin (AICRI) agus an Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse (NCCP), de mheon an chomhair agus chun taighde ar ailse a chur chun cinn in Éirinn agus ar fud an domhain.

I mí Márta 2024, rinneadh ceiliúradh fiche bliain ar thabhairt isteach an cosc ar thobac san ionad oibre. Ba í Éire an chéad thír ar domhan chun an beartas sláinte poiblí tábhachtach seo a thabhairt isteach, ar ghlac 78 tír ar fud an domhain leis ó shin i leith. Tá ceiliúradh á dhéanamh ar chuimhneachán cúig bliana is fiche Chuibhreannas Ailse na hÉireann – Thuaisceart Éireann – Institiúid Ailse Náisiúnta na Stáit Aontaithe in 2024 chomh maith. Is é is cuspóir don tionscnamh trípháirteach seo ná minicíocht agus básmhaireacht ailse a laghdú agus cabhair a thabhairt do dhaoine a bhfuil ailse orthu agus do dhaoine a raibh ailse orthu ar fud oileán na hÉireann. Leis an tionscnamh seo, spreagadh comhpháirtíochtaí trasteorann agus trasatlantacha i dtaighde ar ailse agus i rialú ailse agus is toradh díreach é ar Chomhaontú Aoine an Chéasta. Leithdháileadh €1.2 milliún tríd an gCuibhreannas sa bhliain 2024 le haghaidh tionscadail taighde atá ar bun ar bhonn trípháirteach chun comhoibriú i ndáil le taighde ar ailse a chur chun cinn.

Agus an Fóram á sheoladh aige, dúirt an tAire Donnelly a leanas:

“Is ionann Fóram an lae inniu agus deis chun ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí i gcomhoibriú Thuaidh-Theas agus i gcomhoibriú Trasatlantach maidir le hailse, go háirithe trí Ionad Ailse an Iarthuaiscirt, agus tríd an gCuibhreannas Ailse, a ndeachaigh ionchur saineolaithe ó Institiúid Ailse Náisiúnta na Stáit Aontaithe chun sochair dó. Tá feabhsúcháin ar rátaí marthanais agus ar thorthaí othar feicthe againn in Éirinn mar gheall ar chur chuige coiteann náisiúnta a raibh an Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse, foirne ailse in ospidéil ainmnithe, taighdeoirí agus eagraíochtaí othar agus oibrithe deonacha mar chuid de. Léirigh an Rialtas seo a thiomantas i leith ailse trí infheistíocht shuntasach arbh fhiú breis is €50 milliún é i gcóireáil agus scagthástála ailse trí Straitéis Náisiúnta Ailse na tíre, agus trí mhaoiniú dar luach €37.6 milliún i dtaighde ar ailse.”

Ag labhairt dó maidir le tábhacht an taighde ar rialú ailse, dúirt an tAire Donnelly an méid seo:

“Más mian linn go mbeadh feabhas leanúnach ag teacht ar sheirbhísí náisiúnta na tíre, tá sé bunriachtanach go bhforbróimis cleachtais nuálacha, agus tá ríthábhacht ag baint le comhar trasteorann agus idirnáisiúnta maidir le taighde ar ailse agus foghlaim chomhroinnte. Is gá dúinn leanúint de bheith ag obair le chéile, go náisiúnta, ar an oileán seo, san Eoraip agus go domhanda lena chinntiú go mbeidh an caighdeán saoil is fearr agus is féidir ag an uile dhuine.

Leag an tAire Donnelly béim chomh maith ar fheabhsúcháin shuntasacha i dtorthaí ailse:

“Tá i bhfad níos mó daoine ag teacht slán ón ailse a bhuíochas le cóireáil fheabhsaithe. Tá os cionn 215,000 duine ag maireachtáil in Éirinn sa lá atá inniu ann tar éis diagnóis ailse a fháil, i gcomparáid le 150,000 sa bhliain 2017. Tá feabhas leanúnach tagtha ar rátaí marthanais d’othair tar éis diagnóis ailse a fháil freisin, le 65% d’othair ag maireachtáil go ceann 5 bliana tar éis diagnóis ailse a fháil sna blianta 2014-2018, i gcomparáid le 44% sna blianta 1994-1998. Tá feidhmíocht níos fearr ag Éirinn ná mar atá ag a piarthíortha san Eoraip ó thaobh na rátaí báis ón ailse a laghdú. Fuarthas i staidéir don tréimhse 2011-2019 gur chuir Éire laghdú 14% ar bhásmhaireacht ailse i gcás na bhfear agus laghdú 13% i gcás na mban, i gcomparáid leis na meánrátaí san Aontas Eorpach, is iad sin 10% i gcás na bhfear agus 5% i gcás na mban.

Scroll to Top