
Íocfar na chéad íocaíochtaí Sochair Linbh do Leanaí 18 mbliana d’aois atá i mbun oideachas lánaimseartha inniu, tar éis athruithe atá déanta ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD.
Íoctar sochar linbh an chéad Mháirt de gach mí ar ráta €140 in aghaidh an linbh. Rachaidh an t-athrú, a thagann éifeacht leis inniu, chun tairbhe 60,000 leanbh 18 mbliana d’aois atá i mbun oideachas lánaimseartha nó atá faoi mhíchumas.
Agus na híocaíochtaí á bhfógairt aici inniu, is éard a dúirt an tAire Humphreys:
Anois agus go leor leanaí ag tosú sa bhunscoil ag cúig bliana d’aois, chomh maith leis an méadú atá tagtha ar líon na ndaltaí a dhéanann an Idirbhliain, tá méadú tagtha ar líon na leanaí 18 mbliana d’aois atá i mbun oideachas meánscoile fós.
Tá sochar linbh ar cheann de na sásanna, nach bhfuil go leor díobh ann, atá ar fáil domsa chun tacú le teaghlaigh oibre agus chun airgead a chur ar ais ina bpócaí.
Creidim gur athrú chun feabhais don fhadtéarma é an síneadh le Sochar Linbh chuig leanaí 18 mbliana d’aois atá i mbun oideachas lánaimseartha, agus go dtacófar le teaghlaigh ar fud na hÉireann amach sa todhchaí leis.





