
Fáilte curtha ag an Tánaiste, an tAire Gnóthaí Eachtracha agus an tAire Cosanta, Micheál Martin TD, roimh Colin agus Eithne Bell, bunaitheoirí an Kevin Bell Repatriation Trust (KBRT) go Teach Uíbh Eachach inniu.
Dúirt an Tánaiste: “Tá áthas orm aitheantas a thabhairt don Kevin Bell Repatriation Trust as an gcion tábhachtach atá déanta acu le breis is deich mbliana anuas, ag tacú le teaghlaigh os cionn 1,800 saoránach Éireannacha a bhásaigh thar lear. Ní féidir dóthain a rá faoin sólás agus faoin tacaíocht a chuireann an KBRT ar fáil do theaghlaigh ar bhásaigh gaol leo le linn an phróisis aisdúichithe.
Ba mhaith liom aitheantas ar leith a thabhairt do Colin agus Eithne Bell, agus don chuid eile de mhuintir Bell freisin. Agus iad féin faoi scamall an bhróin ag bás a mic mhuirnigh, Kevin, rinne siad muintearas le teaghlaigh eile ar bhásaigh duine muinteartha leo tríd an KBRT a bhunú, chun tacaíocht a chur ar fáil dóibhsean is mó a raibh cúnamh ag teastáil uathu agus iad sna cúinsí is deacra agus is uafásaí. Cuimhnímid inniu ar Kevin Bell freisin, a fuair bás go tragóideach sa bhliain 2013 agus gan ann ach fear óg 26 mbliana d’aois. Cé go bhfuair Kevin bás roimh am, is é an KBRT an oidhreacht atá fágtha ina dhiaidh.
Cuirim an-luach ar an gcomhar láidre atá ann idir mo Roinnse agus an KBRT. Is ionann an lá inniu agus deis chun buíochas a ghabháil le foireann agus tacadóirí uile an KBRT.”
Bhronn an Tánaiste píosa dealbhóireachta ar Colin agus Eithne Bell, déanta as dair phortaigh ársa, a bhfuil an teideal ‘Homecoming’ air. Tá ‘Homecoming’, a chruthaigh an t-ealaíontóir Kevin Caset, ina shiombail ar an muintearas agus tacaíocht atá tugtha ag an KBRT do teaghlaigh ar fud na hÉireann ó bunaíodh é sa bhliain 2013.
Tá dlúthchaidreamh oibre forbartha ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha leis an KBRT, tríd a cuid Ambasáidí agus Consalachtaí thar lear. Is é an KBRT an t-aon charthanacht dá leithéid ar oileán na hÉireann agus bhunaigh Colin agus Eithne Bell é i gcuimhne a mic Kevin, a bhásaigh go tragóideach i Nua-Eabhrach sa bhliain 2013.
Dúirt an Tánaiste: “Ar an drochuair, tacaíonn mo Roinn le teaghlaigh go leor daoine gach bliain a fhaigheann bás agus iad ag taisteal thar sáile. Níos déanaí an mhí seo, seolfaidh mé feachtas taistil samhraidh chun feasacht a mhúscailt, go háirithe i measc daoine óga, chun ‘Na Cuimhní Cearta a Dhéanamh’ trí chéimeanna breise a ghlacadh chun a sábháilteacht agus a bhfolláine a chosaint agus iad thar lear.
Do na mílte duine óg a bheidh ag dul ag taisteal an samhradh seo, molaim daoibh sult a bhaint as. Déan réidh do do thuras trí chuairt a thabhairt ar www.ireland.ie/TravelWise . Bí cinnte súil a choinneáil amach duit féin agus do do chairde agus sibh thar lear lena chinntiú go dtiocfaidh sibh abhaile slán agus na cuimhní is fearr agaibh.”





