Beart tacaíochta maidir le Farae a Iompar fógartha ag an Aire Bia agus Mara, Charlie McConalogue

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go dtabharfaí isteach Beart Tacaíochta maidir le Farae a Iompar chun cúnamh breise a chur ar fáil do na feirmeoirí beostoic is mó atá buailte ag na dálaí aimsire eisceachtúla atá ann le fada. In go leor cásanna, is é an toradh atá ar an moill ar bha a chur amach ar féarach de dheasca na drochbhaile atá ar an talamh ná go bhfuil roinnt feirmeoirí ag éirí gann ar fharae anois.

Agus an beart á sheoladh aige inniu, d’aithin an tAire gur saincheist thábhachtach le réiteach é an costas a bhaineann le farae a iompar idir na ceantair ina bhfuil fáil fhairsing air agus na ceantair ina bhfuil sé tearc:

‘Léirítear in anailís Teagasc go bhfuil fáil ar fharae fós ar fud na tíre, ach tuigim go mbíonn costais bhreise shuntasacha ar fheirmeoirí nuair is gá farae a iompar feadh achar nach beag chuig na ceantair is mó ina dteastaíonn sé.’

Ina theannta sin, dúirt an tAire,

‘Tá an beart seo ag cur leis na tacaíochtaí luath a chur mé ar fáil d’fheirmeoirí, trí shos ar gach cigireacht neamhriachtanach, agus trí chomhordú tacaíochta comhairlí d’fheirmeoirí ag Teagasc chun aistrithe farae agus comhairle a éascú le linn na tréimhse a bhí ann le déanaí.’

Tá ranníocaíocht airgeadais á cur ar fáil chun costais iompair a bhaineann le Féir Tirim, Biatas Fodair, Tuí agus sadhlas don bheathú a fhritháireamh, sa chás go mbíonn achar níos mó ná 75 ciliméadar i gceist leis sin. Beidh feirmeoirí incháilithe chun ranníocaíocht airgeadais a fháil i dtreo na costais a bhaineann le farae a iompar a fhritháireamh. Tá cúnamh airgeadais faoin mBeart Tacaíochta maidir le Farae a Iompar iníoctha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 ón gCoimisiún maidir le cabhair de minimis in earnáil an táirgthe talmhaíochta.

Lean an tAire McConalogue ar aghaidh chun béim a leagan air go bhfuil breis is €1.8 billiún curtha isteach i ngeilleagar tuaithe na hÉireann le híocaíochtaí a dearnadh ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite go dtí anois, agus iarracht á déanamh chun dul i ngleic leis na dúshláin reatha atá ann. Ina theannta sin, eisíodh íocaíochtaí arbh fhiú nach mór €53m iad do 67,000 feirmeoir chun cuidiú leo farae breise a dhéanamh. Ó thaobh cigireachtaí de, dúirt an tAire freisin gur fhógair an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta agus Bord Bia sosanna a bhí cosúil leis na sosanna a d’fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Tháinig an Coiste Náisiúnta Slándála Farae agus Bia le chéile faoi dhó le déanaí agus chabhraigh sé a chinntiú go mbeadh freagra comhordaithe ann i leith fhadhb an fharae ar fud na bpríomhpháirtithe leasmhara go léir, lena n-áirítear Teagasc, ceannaithe beatha, comharchumainn agus na forais feirmeoireachta.

Mar chonclúid, dúirt an tAire McConalogue:

‘Mar go ndéantar farae a thrádáil idir feirmeacha ar bhonn rialta, tá sé bunriachtanach go mbeadh an beart tacaíochta atá á fhógairt inniu spriocdhírithe orthusan is mó a dteastaíonn sé uathu agus nach n-imreodh sé tionchar ar ghnáthfheidhmiú an mhargaidh d’fharae. Tá mé buíoch go bhfuil struchtúr an chomharchumainn ag tacú le cur i bhfeidhm praiticiúil an bhirt seo.’

Scroll to Top