
D’fhoilsigh Cigireacht na Roinne Oideachais tuarascáil ilchodach inniu ar sholáthar don Bhéarla mar Theanga Bhreise (BTB) i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna. Seo an dara tuarascáil i sraith de thrí thuarascáil a dhíríonn ar ionchuimsiú, rannpháirtíocht agus gafacht leanaí agus daoine óga i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna. Foilsíodh an chéad tuarascáil, Cáilíocht an Oideachais le haghaidh Leanaí agus Daoine Óga ón Úcráin, Déardaoin 15 Feabhra 2024. Foilseofar an tríú tuarascáil sa tsraith, Clár Samhraidh 2023: Muinín agus Naisc a chothú, go luath.
Léiríonn an dara tuarascáil, Riachtanais Bhreise Teanga – Cuir Chuige Scoile Uile agus Ranga i dtaca le Foghlaim Ionchuimsitheach Teangacha: Torthaí ó chigireachtaí bunscoile agus iar-bhunscoile ar Bhéarla mar Theanga Breise, a foilsíodh inniu, ainneoin go bhfuil go leor láidreachtaí sa soláthar do leanaí agus daoine óga atá ag foghlaim Béarla mar theanga bhreise, go bhfuil réimsí tábhachtacha le feabhsú freisin.
Tá an tuarascáil bunaithe ar 83 cigireact a rinneadh i 47 mbunscoil agus 36 iarbhunscoil i Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair 2023. Dhírigh na cigireachtaí ar phríomhréimsí a bhíonn de dhíth ar gach leanbh agus duine óg atá ag foghlaim an Bhéarla mar Theanga Bhreise chun an t-oideachas is fearr is féidir a fháil inár scoileanna. Ina measc tá:
Timpeallacht fháilteach agus ionchuimsitheach a chruthú: Bhí córais mhaithe nó an-mhaith i bhfeidhm ag os cionn leath de na scoileanna chun éagsúlacht a bpobal a cheiliúradh. Ní raibh na córais sásúil i mbreis agus an cúigiú cuid de na scoileanna.
Measúnú a dhéanamh ar riachtanais teanga: Is céad chéim ríthábhachtach é an measúnú sa teagasc agus san fhoghlaim; bhí cleachtais mhaithe nó an-mhaith i bhfeidhm ag beagán os cionn leath de na scoileanna chun riachtanais teanga a mheas. Ní raibh measúnú ar riachtanais teanga sásúil i mbeagnach an ceathrú cuid de na scoileanna.
Teagasc agus foghlaim: Ní mór do mhúinteoirí cuir chuige teagaisc ar leith a úsáid ionas gur féidir le gach leanbh agus duine óg atá ag foghlaim BTB a n-acmhainneacht a bhaint amach. Léirítear sa tuarascáil seo cé go raibh an teagasc agus an fhoghlaim go maith nó an-mhaith i mbeagnach 60% de na scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu; ní raibh sé sásúil i mbeagnach an cúigiú cuid de na scoileanna.
Rinneadh réimsí tábhachtacha eile a mheas sna cigireachtaí freisin lena n-áiríodh an chaoi inar bhain scoileanna úsáid as na hacmhainní breise teagaisc a fuair siad ón Roinn le haghaidh soláthar BTB, an tacaíocht a fuair scoileanna ó na seirbhísí tacaíochta gairmiúla agus an soláthar BTB i scoileanna lán-Ghaeilge.
Moltaí: Leagtar béim sa tuarascáil ar an tábhacht a bhaineann le cultúr scoile dearfach agus ionchuimsitheach, a chuireann folláine gach linbh agus duine óig chun cinn, agus le bealaí cumarsáide éifeachtacha. Fuarthas amach go raibh gá le struchtúir scoile uile feabhsaithe chun tacú le soláthar do BTB, agus chun soláthar do BTB a leabú laistigh den chreat Leanúntais Tacaíochta. Chun torthaí foghlama BTB a fheabhsú, leagtar béim ann ar an tábhacht a bhaineann le cuir chuige mheasúnaithe chuí agus le cuir chuige éifeachtacha teagaisc.
I measc na bpríomh-mholtaí bhí:
• Ba chóir go n-úsáidfeadh múinteoirí príomhshrutha agus múinteoirí ábhair níos mó cineálacha cur chuige teagaisc chun príomhtheanga a bhaineann go sonrach le hábhar a threisiú agus ba chóir do mhúinteoirí i róil tacaíochta idirghabhálacha atá nasctha go díreach leis an gcuraclam a phleanáil agus a ailíniú le spriocanna teanga an linbh nó an duine óig.





