Straitéis nua ealaíon agus pacáiste maoinithe €20m fógartha don Ghaeltacht agus don Ghaeilge sa phobal

Straitéis nua ealaíon agus pacáiste maoinithe €20m fógartha don Ghaeltacht agus don Ghaeilge sa phobal

• Tá an tAire Catherine Martin agus an tAire Stáit Patrick O’Donovan tar éis pacáiste suntasach maoinithe a fhógairt inniu

• €5.78m do Thaibhdhearc na Gaillimhe don tréimhse 2024 go 2027

• €4.085m d’Oireachtas na Gaeilge dá bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta chun na hEalaíona Teangabhunaithe a fhorbairt

• Beagnach €5.5m do Thuismitheoirí na Gaeltachta

• Tacaíocht de €3.734m do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta

• €1.9m chun an Ghaeilge a spreagadh i ngnólachtaí Gaeltachta

• Seoladh an Straitéis do na hEalaíona Teangabhunaithe inniu chomh maith

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD agus Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan TD pacáiste maoinithe suntasach don Ghaeilge sa phobal, mar aon leis na healaíona teangabhunaithe, gnólachtaí, tuismitheoirí agus daoine óga sa Ghaeltacht.

Sheol na hAirí an Straitéis do na hEalaíona Teangabhunaithe inniu chomh maith le pacáiste airgeadais de bheagnach €10m le tús a chur lena feidhmiú. San áireamh sa phacáiste seo, tá maoiniú cheithre bliana de luach €5.78m ceadaithe do Thaibhdhearc na Gaillimhe don tréimhse 2024 go 2027 chomh maith le €4.085m d’Oireachtas na Gaeilge dá bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta chun ealaíona teangabhunaithe na Gaeilge a fhorbairt, a threisiú agus a chur chun cinn timpeall na tíre sa tréimhse 2024-2027. Anuas air sin, tá allúntas €5.445m ceadaithe don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta chun a clár oibre agus a leathnú amach sa tréimhse 2024 go 2026. Tá maoiniú os cionn €1.9m fógartha d’Údarás na Gaeltachta chomh maith do Chlár Tacaíochta nua chun an Ghaeilge a spreagadh i measc gnólachtaí Gaeltachta sna hearnálacha seirbhíse, miondíola agus fáilteachais agus tá €3.734 milliún curtha ar fáil do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta chun seirbhísí luathbhlianta a chur ar fáil sa Ghaeltacht.

Ag labhairt di faoin bpacáiste nua tacaíochta, dúirt an tAire Catherine Martin:

“Cuireann sé ríméad orm go bhfuil pacáiste suntasach infheistíochta á fhógairt agam féin agus ag an Aire O’Donovan don Ghaeilge agus don Ghaeltacht inniu, agus go bhfuil an Straitéis do na hEalaíona Teangabhunaithe á seoladh againn.

Tá áit ar leith ag amharclann na Taibhdheirce inár n-oidhreacht chultúrtha, agus tá lúcháir orm go bhfuil sé ar ár gcumas an maoiniú seo a cheadú chun an plean uaillmhianach forbartha seo don amharclann a chur i bhfeidhm. Neartóidh an infheistíocht seo amharclannaíocht na Gaeilge, cothóidh sé cruthaitheacht agus cinnteoidh sé todhchaí bhríomhar dár bhféiniúlacht teanga agus ealaíon.

Gníomh fíordhearfach eile is ea an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta a bheas á chur i bhfeidhm ag Oireachtas na Gaeilge ar mhaithe leis na healaíona teangabhunaithe thart timpeall na tíre. Tá tiomantas agus saineolas gan staonadh léirithe ag an Oireachtas i gcur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir. Is infheistíocht i struchtúr nua atá anseo a chinnteoidh go mbeidh borradh faoi na healaíona Gaeilge sna blianta amach romhainn.

Gabhaim mo bhuíochas ó chroí leis na heagraíochtaí agus na páirtithe leasmhara go léir a chabhraigh leis an Roinn na bearta seo a thabhairt i gcrích. Tiocfaidh méadú ar líon na seirbhísí a chuirfear ar fáil do thuismitheoirí agus do dhaoine óga mar thoradh air seo, rud a spreagfaidh úsáid na Gaeilge agus a bheidh mar thacaíocht don phróiseas pleanála teanga.”

Ag labhairt dó sa Taibhdhearc inniu, dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan:

“Is céim mhór chun cinn í an mór-infheistíocht seo don phróiseas pleanála teanga.Tá súil agam go mbainfidh gnólachtaí, tuismitheoirí, ealaíontóirí agus an pobal araon tairbhe as na bearta seo atá fógartha inniu agus go mbeidh siad rannpháirteach i dtreisiú agus i gcur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa phobal i gcoitinne lasmuigh den Ghaeltacht.

Níl amhras orm ach go gcabhróidh an maoiniú seo le bláthú dhrámaíocht na Gaeilge agus leis an Taibhdhearc a chur sa riocht gur féidir léi ról mar Amharclann Náisiúnta na Gaeilge agus mar mhol forbartha do dhrámaíocht na Gaeilge a fheidhmiú i gceart. Beidh ról thar a bheith tábhachtach ag Oireachtas na Gaeilge chomh maith agus a bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta á gcur i bhfeidhm acu ar fud na tíre sna blianta beaga seo romhainn.

Cuirfidh an t-allúntas seo do Thuismitheoirí na Gaeltachta agus do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ar chumas na n-eagraíochtaí breis foirne a earcú chun a gcuid seirbhísí a leathnú ar fud na nGaeltachtaí uile.

“In iomlán is é seo an pacáiste maoinithe is suntasaí a fógraíodh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le linn téarma an Rialtais seo.”

Scroll to Top