Tugann an tAire Joe O’Brien cuireadh do ghlao ar thograí chuig an gCiste Tearmainn, Imirce agus Imeasctha 2023

  • Cuirfear €10m ar fáil d’eagraíochtaí ar fud na tíre chun tacaíochtaí fáiltithe agus lánpháirtithe a sholáthar do Náisiúnaigh Tríú Tíortha.
  • Íosmhéid deontais de €300,000, thar 4 bliana, chun tacú le roinnt tionscadal suntasach ar fud na hÉireann.

Sheol an tAire Stáit um Fhorbairt Pobail, Imeascadh agus Carthanas, Joe O’Brien, Glao ar Thograí inniu ó eagraíochtaí atá ag pleanáil tionscadail chun tacú le fáiltiú agus comhtháthú Náisiúnach Tríú Tíortha in Éirinn.

Tagann sé seo i ndiaidh an mhaoinithe a cuireadh ar fáil do 20 eagraíocht in 2016 agus 19 n-eagraíocht in 2019 tar éis Glao ar Thograí dá samhail, ar thacaigh Clár AMIF 2014-2020 leis an dá cheann acu. Mar thoradh ar na tionscnaimh seo, tá an cosán i dtreo lánpháirtiú na n-imirceach, a bhfuil go leor acu tar éis éalú ó chúinsí fíordhúshlánacha i dtíortha eile, i bhfad níos éasca.

Ag fáiltiú roimh an bhfógra, dúirt an tAire O’Brien:

“Is ciste substaintiúil é an AMIF thar thréimhse ceithre bliana agus mar sin mholfainn d’eagraíochtaí atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh a bheith uaillmhianach, féachaint ar na dúshláin mhóra i réimse an chomhtháthaithe agus bealach a aimsiú chun oibriú i gcomhar le chéile ar iarratais. Tá dea-thoil ollmhór i measc pobail ar fud na hÉireann chun comhtháthú a éascú agus nuair is cuí ba cheart leas a bhaint as seo. Tá an-acmhainneacht ag an gciste seo difríocht dhearfach inláimhsithe a dhéanamh do lánpháirtiú imirceach in Éirinn.

“Is é ceann de phríomhspriocanna mo Roinne ná timpeallacht fháilteach shábháilte a sholáthar d’imircigh, a bhfuil go leor acu ag teitheadh ó choinbhleacht sna cúinsí is dúshlánaí. Táimid ag tnúth leis an méid a chuirfidh na himircigh seo le gnéithe eacnamaíocha, cultúrtha agus sóisialta na hÉireann. Tá lúcháir orainn leis an iliomad eagraíochtaí a chuir tacaíochtaí luachmhara ar fáil d’imircigh faoinár nGlaonna ar Thograí roimhe seo, agus táimid ag tnúth le hiarratais nua a fháil faoin nglao seo”.

Scroll to Top