
Nocht Comhairle Contae Fhine Gall Clár Caipitil trí bliana arbh fhiú €1.35 billiún é ag cruinniú míosúil na Comhairle anocht.
Is méadú 37% ar an gClár Caipitil roimhe sin é an plean trí bliana, a ritheann ó 2024 go 2026, agus tá sé ceithre huaire níos mó ná an clár ar glacadh leis in 2017.
Tá 312 tionscadal san iomlán clúdaithe faoin gClár Caipitil nua agus tá 67 acu sin, arb ionann iad agus caiteachas de €215m, ar an láthair cheana féin. Tá an chuid eile sa timthriall faofa ó choincheap go tionscadail. An t-am seo anuraidh bhí 37 tionscadal Clár Caipitil arbh fhiú €117m iad ar an láthair.
Ina measc seo tá tionscadail mhóra ar nós an fhorbairt tionachta mheasctha €150m ag Baile na Cloiche, an fhorbairt tionachta mheasctha €116m ag Church Fields i Mullach Eadrad, Ionad Cultúrtha Sord €44m, Bóthar Ongar go Barnhill €16m agus an bealach coisithe agus rothaíochta €7.7m. ar Bhóthar Harry Reynolds i mBaile Brigín.
Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy: “Is é seo an cúigiú Clár Caipitil atá tugtha os comhair na Comhairle seo ó na toghcháin áitiúla deiridh in 2019 agus tá méadú tagtha ar líon agus luach na dtionscadal gach bliain. Mar sin féin, is é an rud is taitneamhaí ná go bhfuil seachadadh feicthe againn freisin agus tá feabhas mór tagtha ar an mbonneagar straitéiseach ar fud an chontae lena n-áirítear tithíocht nua, áiseanna nua pobail agus naisc nua iompair chomh maith le caomhnú ár n-oidhreacht. Is ón Rialtas Láir a tháinig an chuid is mó dár maoiniú do na tionscadail seo agus is cinnte go gcabhraíonn sé linn ár gcontae a fhás ar bhealach inbhuanaithe.”
Tiocfaidh beagán sa bhreis ar €1bn den mhaoiniú don Chlár Caipitil ó dheontais le tobhaigh forbartha ag soláthar €120m sa bhreis agus €59m á bhfoinsiú ó bhuiséad ioncaim Fhine Gall. Ginfear €66m breise trí iasachtaí agus foinsí eile. Tá luach €99m eile de thionscadail sa phlean trí bliana á measúnú le haghaidh foinsí féideartha maoinithe.
Is ionann tionscadail tithíochta agus 63% den Chlár Caipitil ar €859m agus caithfear €177m eile ar thionscadail Phleanála agus Infrastruchtúir Straitéisigh amhail Féarbhealach an Mhóinéir Leathan, Acomhal Bhóthar Snugborough, Páirc Abhainn an Bharda, agus Moil Áineasa i nDomhnach Bat, Lusca agus an Ros. .
Tá athchóiriú agus feabhsú na mbóithre réigiúnacha ar fud an chontae mar chuid de chlár oibreacha caipitil Oibríochtaí €48m lena n-áirítear freisin oibreacha bonneagair ar dhroichid agus cuanta, clóis súgartha nua, agus an clár athchóirithe leithreas poiblí. Tá €32m breise curtha ar leataobh d’áiseanna Pobail lena n-áirítear críochnú an Ionaid Phobail nua i Meakstown.
Beidh buiséad de €77m ag an Roinn Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Taisteal Gníomhach le haghaidh tionscadal ar nós lánaí rothaíochta faoi chosaint agus bealaí sábháilte chuig scoileanna a sholáthar, bonneagar Muirearú Feithiclí Leictreacha, bearta maolaithe aeráide agus tionscadail líonadh talún.
Is é iomlán an chláir don Roinn Fiontair Eacnamaíochta, Turasóireachta agus Forbartha Cultúir ná €139m agus áirítear leis €37m d’fhorbairt thionsclaíoch, €18m do réadmhaoine oidhreachta agus €7m chun leabharlanna a athchóiriú. Tá soláthar €30m ann freisin d’athghiniúint uirbeach agus tuaithe a bhfuil €20m de sin curtha in áirithe do thionscadail atá mar chuid de phlean athnuachana Ár mBaile Brigín.
Réamh-mheastar sa Chlár caiteachas caipitil de €386m in 2024, agus €522m ina dhiaidh sin in 2025 agus €447m eile in 2026.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Tá go leor oibre ar siúl cheana féin le 67 tionscadal ar an láthair cheana féin, beagnach dhá oiread an méid a bhí ar an láthair an t-am seo anuraidh. Tá gealltanais láidre i bhfeidhm againn freisin chun go leor de na tionscadail eile sa Chlár Caipitil a sheachadadh agus táim ag tnúth le dul chun cinn a dhéanamh orthu sna trí bliana amach romhainn. Tá tionscadail eile ar iarr comhairleoirí orainn breathnú orthu, mar linnte snámha, nach bhfuil réidh fós le cur san áireamh sa Phlean Caipitil toisc go bhfuil iniúchtaí á ndéanamh againn chun éileamh agus costas féideartha a mheas. Léiríonn an clár ár diongbháilteacht a chinntiú, de réir mar a leanann ár ndaonra ag fás, go bhfuilimid ag forbairt an bhonneagair a theastaíonn chun pobail inbhuanaithe a thógáil.”





