Cúig Leabhar Roghnaithe do Ghradam na Gaeilge Irish Book Awards

Tá cúig shaothar ainmnithe ar an ngearrliosta do leabhar Gaeilge na bliana ag na gradaim An Post Irish Book Awards. 

Is do leabhair ficsin amháin atá an gradam Gaeilge agus athrú tagtha ar an gcóras i mbliana. 

Is iad na leabhair atá ar an ngearrliosta don ghradam Gaeilge, atá urraithe ag Foras na Gaeilge, ná Ceallach le Diarmuid Johnson (Leabhar Breac), Imram agus scéalta eile le Róise Ní Bhaoill (Éabhlóid), Ag Dul i bhFad le Alan Titley (Cló Iar-Chonnacht), Béal na Péiste le Fionntán de Brún (Cló Iar-Chonnacht), agus Sa Pholl Báite le Anna Heussaff (Cló Iar-Chonnacht). 

Fógraíodh na hainmniúcháin don ghradam Gaeilge mar chuid d’fhógairt na ngearrliostaí ag ócáid san EXO Building i mBaile Átha Cliath anocht. 

Scroll to Top