Buaiteoirí Ghradaim an Oireachtais Fógartha

Ar an 27 Meán Fómhair 2023, d’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na GaeilgeBuaiteoirí Ghradaim Foilsitheoireachta 2023 mar chuid d’ócáid mhór cheiliúrtha d’fhoilsitheoirí agus do scríbhneoirí Gaeilge i Músaem Litríochta na hÉireann (MoLI), Baile Átha Cliath.

Is í Cathaoirleach an Fhorais, Regina Uí Chollatáin i dteannta Uachtarán an Oireachtais 2023, Gearóid Denvir, a rinne an bronnadh. Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin ar an teach foilsitheoireachta, Cló-Iar Chonnacht, ar son an leabhair, Béal na Péiste le Fionntán de Brún. Is ar an teach foilsitheoireachta Futa Fata a bronnadh Gradam Réics Carló don saothar Amuigh Faoin Spéir a scríobh Sadhbh Devlin agus a mhaisigh Brian Fitzgerald. Bronnadh Gradam de Bhaldraithe ar Leabhar Breac, ar son an leabhair, Cuairt san Nicolás a d’aistrigh Darach Ó Scolaí.
Scroll to Top